mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2003 (April-June) » "Jew's Harp" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

T. MacEoghain
Posted on Friday, May 16, 2003 - 08:33 pm:   Edit Post Print Post

Cad é an Ghaeilge ar "Jew's harp"? Glacaim leis nár "cláirseach Ghiúdach" an focal ceart, an ea?

-Tadhg

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Phil
Posted on Saturday, May 17, 2003 - 07:25 am:   Edit Post Print Post

Jew, an in a jewish person, is "giúdach". Harp = "cláirseach".

"Cláirseach Ghiúdach" is perfect.

I'm presuming here that maybe Gaeilge might have it's own unique word for "Jew's Harp". Especially since we're so mad about the harp.

-Phil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, May 17, 2003 - 10:05 am:   Edit Post Print Post

'An trumpa' a thugtar ar an uirlis atá i gceist agaibh a chairde. Cloisfear anois is arís ar R. na Gaeltachta é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Phil
Posted on Saturday, May 17, 2003 - 03:44 pm:   Edit Post Print Post

CloisTear

So offence intended (for once!)

-Phil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Saturday, May 17, 2003 - 04:25 pm:   Edit Post Print Post

Tuigim an fáth, a Phil, go sílfeá gur bhotún an méid sin romhainn thuas. Ní hamhlaidh áfach. Má chuardaíonn tú ciall an fhocail teangeolaíochta 'gné', i mBéarla 'aspect' (of the verb), tiocfaidh tú ar an eolas tú féin. Tuigfir ansin cén fáth gur shamhlaís botún leis agus an fáth nach scríobhfadh/n-abródh mo leithéid 't'. D'fhéadfá ceist a chur orm, ar ndóigh a Phil, in áit a bheith soir siar i ndiaidh na teoirice!

'Fáisc do bhéal,
maolaigh do chluasa
is crom do cheann'

- Comhairle a chur athair mór as an gCnocán Glas ar a gharmhac in am amháin maidir le foghlaim teangan. D'inis an garmhac dom é nuair a bhí sé féin 93 bliana d'aois agus shamhlaíos cuid den chomhairle aisteach, tráth dá raibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

T. MacEoghain
Posted on Sunday, May 18, 2003 - 12:57 am:   Edit Post Print Post

Nár 'trumpa' an focal Gaeilge ar 'trumpet' freisin? An bhfuil a fhios agat cén fáth go bhfuil an focal céanna ar na dhá uirlis? Is uirlis an-spéisiúl an trumpa/Jew's harp. Faightear i ngach áit an domhain í...Éireann, An Iodáil, Iosrael, Meiriceá, Vítneam!

Go raibh maith agat, a Sheosamh.

-Tadhg

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Phil
Posted on Sunday, May 18, 2003 - 07:12 am:   Edit Post Print Post

tuigfir?

tuigfear nó tuigfí.

An bhfuil leithscéal agat air sin freisin? Ciall an fhocail teangeolaíochta, b'fhéidir.

-

"Cloisfear anois is arís ar R. na Gaeltachta é"

It will be heard now and again on RnaG.

"Cloistear anois is arís ar R. na Gaeltachta é"

It's heard now and again on RnaG.

-

Ar mhaith leat do loighic a hinsint dom ar an bhfáth gurb é an chéad ceann atá ceart. Ba é an aimsir láithreach a bhí uait, níorbh é an aimsir fháistineach. Bhéadh an post déanta ag an modh chionnaíollach freisin, ach, dar leatsa, d'úsáid tú an aimsir fháistineach de ghnó! Suimiúil!

B'fhéidir gur bhotún é!

-Phil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Monday, May 19, 2003 - 07:34 am:   Edit Post Print Post

>> tuigfir?

>> tuigfear nó tuigfí.

>> An bhfuil leithscéal agat air sin freisin?

Tá leithscéal agam do sin ceart go leor a Phil. Is é an leithscéal atá agam go bhfuil sé ceart. Muna dtuigeann tú a mbíonn ar bun anseo scaití, is fearr go bhfanfá le teacht ar an eolas tú féin. Bíonn am sú an eolais i gceist le gach teangain. Caithfidh gach duine teacht thart ar cheist faoi dhó nó níos mó sula mbéarfaidh sé léim cheart an fhreagra.

>> Ciall an fhocail teangeolaíochta, b'fhéidir.

Níl aon 'b'fhéidir' ann. Machnaigh ar an méid roimhe seo. Fanacht leis an eolas, is é is fearr.


>> "Cloisfear anois is arís ar R. na Gaeltachta é"

>> It will be heard now and again on RnaG.

B'fhéidir gurbh ea agus b'fhéidir nárbh ea.


>> "Cloistear anois is arís ar R. na Gaeltachta é"

>> It's heard now and again on RnaG.

Tá sé sin ceart.


>> Ar mhaith leat do loighic a hinsint dom ar an bhfáth gurb é an chéad ceann atá ceart.

Ba mhaith, dá mbeifeá féin réidh le foghlaim a Phil. Níor mhiste a rá nach í mo 'loighic' féin í sa mhéid nach mise a chum 'Gné' (an bhriathair) in aon teanga, ná nach mise, ach oiread, a thug cuntas an chéad lá air.


>> Ba é an aimsir láithreach a bhí uait,

Níorbh í an Aimsir Láithreach a theastaigh. Níorbh í an Aimsir Láithreach a bhí uaim mar sin.

>> níorbh é an aimsir fháistineach.

Cén fáth nárbh í an Aimsir Fháistine? Ní bhíodh deilbh ar leith ag an Aimsir Láithreach sa Ghaelainn fadó. Is amhlaidh i nGaelainn na hAlban fós féin é. Is minic an A. Fh. in ionad na hAimsire Láithrí i nGaelainn na hÉireann sa lá inniu féin ar údar staire, gan trácht ar chúrsaí Ghné an bhriathair in aon chor. É sin ráite, tá eiseamláir sa phost seo cheana den obair seo, an A. Fháistine in ionad na hAimsire Láithrí. Tiocfaidh tú air má léighir anuas tríd an bpost so go mall. (Is ceann é seo a bhíonn agat féin agus ag gach éinne eile.)


>> Bhéadh an post déanta ag an modh chionnaíollach freisin, ach, dar leatsa, d'úsáid tú an aimsir fháistineach de ghnó! Suimiúil!

Sea. D'aon úim a chuas leis an bhFáistineach. Tá sé fíorshuimiúil dar liom. Is é an mhíthuiscint Ghné máthair gach cásaimh an chainteora dúchais a déarfas nach í Gaelainn ghasúir na scoile an Ghaelainn chéanna atá acu féin. Samhlaítear do dhaoine gur stór focail is bun le caint den chineál san de ghnáth, m.sh. gluaisteán/carr, frog/loscann is aroile. Is iondúil, áfach, gur 'Gné' is bun leis an gcuid is mó den ghearán. (Dealaíonn 'díghlórú consain' an dá chineál cainteora óna chéile fairis sin.)


>> B'fhéidir gur bhotún é!

Níor bhotún é agus níl 'b'fhéidir' ann nó as.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Monday, May 19, 2003 - 07:55 am:   Edit Post Print Post

>> Nár 'trumpa' an focal Gaeilge ar 'trumpet' freisin?

Is fíor san a Thaidhg. Is fearr liom féin, i gcás 'trumpet', an focal 'stoc'. (Féach freisin 'Mac an Stocaire > Mc Stocker > Stafford i gCo. Aontroma.) Leis an scéal a chasadh tuilleadh, cloisim corrdhuine ag tabhairt 'triuf' (cárta imeartha) agus 'triumph' ar an uirlis seo, an 'trumpa'! Chuala mé fear amháin á cheartú féin, ar ais go 'trumpa'.
An stoc ba mhó cáil go dtí seo, b'fhéidir, is é Stoc na Cille i saothar Mháirtín Uí Chadhain.

>> An bhfuil a fhios agat cén fáth go bhfuil an focal céanna ar na dhá uirlis? Is uirlis an-spéisiúl an trumpa/Jew's harp. Faightear i ngach áit an domhain í...Éireann, An Iodáil, Iosrael, Meiriceá, Vítneam!

Ceist mhaith a mh'anam. Níl scaoileadh na ceiste sin agam duit, faraor.

>> Go raibh maith agat, a Sheosamh.

Fáilte agus fiche a Thaidhg.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antóin
Posted on Monday, May 19, 2003 - 05:17 pm:   Edit Post Print Post

Níl aon baint ag an Jew's Harp leis na Giúdaigh. Tá teoiricí éagsúla ann chun an ainm a mhíniú. B'fhéidir truailliú ar an bhfocal "Jaw's" nó ag teacht ón bhFraincis "jouer". Focal eile a bhí ag an ngléas seo ab ea "Trump", is dócha gur tháinig an Ghaeilge ón bhfoinse sin. Sa lá atá inniu ann uaireanta úsáidtear "juiceharp" - focal PC.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Tuesday, May 20, 2003 - 04:33 am:   Edit Post Print Post

An-spéisiúil a Antóin, GRMA. Tagaim leis an tuairim a léirigh tú anseo ar an bhfocal. Is iontach an lear eolais atá ar fáil ar an líon ina thaobh, i ngan a fhios dom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, May 20, 2003 - 07:11 am:   Edit Post Print Post

Tá leath tuairim agam gur "trumpa teangain" an t-ainm atá air an ngleas airithe seo.

Maultrommel - druma béil - atá air i nGearmainís

Feach go bhfuil an dá brí ag an Foclóir beag:
trumpa [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
troimpéad; gléas ceoil miotail a leagtar ar na fiacla agus teanga ann a bhuailtear le méar.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Tuesday, May 20, 2003 - 08:02 am:   Edit Post Print Post

Cuidíonn an nath úd atá 'i mbéal an phobail'(!) i gcónaí le do thuairim a Aonghuis! ('Ní fiú trumpa gan teanga x'.)

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge