Is múinteoir méanscoile mé sa ghaeilge agus sa béarla agus táim ag súil go bhfuil eolas ag aon duine i dtaobh múineadh na gaeilainne i Meiricéa i rith an gheimhridh. Is cainteoir dúchais mé agus tá fonn orm cónaí i Meiriceá an bhlian seo chughainn. Bheadh rudaí i bhfad Éirinn níos a bhfearr dá mbeadh an deis agam Gaeilge a mhúineadh. Ma tá aon eolas ag éinne, bheinn fíor bhuíoch da gcuirfeadh sibh ar aghaidh é!! Mise le meas Bernadait.
S. Nic Rabhartaigh
Posted on Wednesday, April 30, 2003 - 09:59 pm:
A Bhernadait a chara, Cad chuige nach dtéann tú i dtéagmháil le Liam O Cuinneagáin atá i gceannas ar "Oideas Gael" i nGleann Cholm Cille. Tá an cur amach aige-san ar na háiteanna a mbíonn's Gaeilge á múineadh i Mheiriceá. Go n-éirí an t-adh leat, Seosaimhín