Author |
Message |
james
| Posted on Thursday, January 23, 2003 - 11:59 am: |
|
Tá an aimsir ag sneachta anseo, inniu. Tá na bóithrí go sciorrach, mar sin féin. Níl trucailí leis an salann agus céachtaí ag stát seo. Deir siad go mbeidh an aimsir fuar anocht, thios a reophointe. Tá sé timpisití go leor leor anois agus tá mé cinnte go mbeidh mórán anocht. |
|
Paul
| Posted on Thursday, January 23, 2003 - 01:01 pm: |
|
A James, a chara, Drochscéal, cinnte. Bí cúramach. Ní fhaca mé aimsir mar seo ar feadh blianta. Tá lá geal fuar againn i NJ; tá an teocht ocht gcéim déag, is déirtear go bhfuil sé timpeall a náid anocht. Sin é! Tá mé ag dul go dtí an Irish West Indies anois díreach! Slán tamall, Paul |
|
Oliver Grennan
| Posted on Friday, January 24, 2003 - 03:17 am: |
|
A cháirde, Bíonn an aimsir measctha anseo I Londain: cúpla lá bog fliuch agus measartha te (deich go dhá chéim déag) agus ansin cúpla lá searbhfhuar gaofar le sioc crua san oidhche. Fáigheann muid an amisir bog ón Iarthar agus an fuacht ón Oirthear (ón Rúis). Slán Oliver. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, January 24, 2003 - 07:36 am: |
|
Níl aon bhlas goimhe anseo in Éirinn iathghlais a chairde. Braithim an snafach ar fud an bhaill. Bhí scalladh breá gréine againn ar maidin anseo in Uaithnibh (Tuaisceart Thiobraid Árann - Luimneach). Chonac dhá iora rua agus ceithre fhia geal i ngaobhar an tí le maidneachan. Is aoibhinn beatha faoin tuaith. |
|
Chris Branagan
| Posted on Saturday, February 01, 2003 - 07:33 pm: |
|
Dia daoibh, a chairde. Tá mé i mo chonaí i Vermont, agus tá mé ag foghlaim Gaeilge. Níl mo chuid Gaeilge go maith go fóill, ach tá súil agam go mbeidh mé in ann í a fheabhsú. Tá mé ag smoaineamh go rachaidh mé go dtí ranganna Gaeilge ag an Oideas Gael i nDún na nGall an tsamhraidh seo chugainn. An bhfuil a fhios ag aon duine, an bhfuil na ranganna sin go maith ? Céard faoi na tithe tabhairne i nGleann Colm Chille ? An bhfuil ceol tradisiúnta ann sa samhraidh ? Go raibh maith agaibh faoi eolas ar bith go bhfuil sibh in ann a chuir agam. Chris Branagan |
|
Paul
| Posted on Friday, February 07, 2003 - 10:07 am: |
|
A Chris, a chara, Dia dhuit. I mo bharúilse, tá do chuid Gaeilge ar fheabhas... Ar aon nós, chuaigh mise chuig cupla cúrsa sa Ghleann, agus bhain mé an-sult as. Bhíomar gnóthach an lá ar fad, le ranganna, léacht nó ceardlann gach oíche. Nuair a bhí an lá thart, théadh muid go pub le chéile. Chuala mé ceol den scoth ann: rinne na ceolteoirí Mícheál Ó Domhnaill agus Paddy Glacken ceolchoirm dúinn; bíonn seisiúin ar síul san oiche i ceann amhain den chuid tí tabhairne atá ann; is dóigh liom go bhfuil an fidleoir áitiúl maith James Byrne ina chónaí ansin fós chomh maith. Cheap mé go raibh na ranganna agus na múinteoirí a bhí agam go hiontach. Creid é nó ná creid é, bhí an aimsir ar fheabhas an t-am ar fad. Tá áthas orm gur thosaigh mé an Ghaeilge a fhoghlaim ag Oideas Gael. Ádh mór, Paul |
|
Chris Branagan
| Posted on Friday, February 07, 2003 - 08:52 pm: |
|
Dia dhuit a Paul, Go raibh maith agat faoin eolas ar Oideas Gael. Is cosúil ó do theachtaireacht go mbeidh sé go han-mhaith. Déanfaidh mé iarracht dul ann i Mí an Mheithimh. An mhaith leat a bheith i do chonaí i NJ ? An bhfuil Gaeilgeoirí eile ann ? Níl móran Gaeilgeoirí san áit seo, ceart go leor. Uaireanta, téim go ranganna Gaeilge i Montreal. Bíonn na ranganna go maith, ach tá Montreal i bhfad uaim. Ní féidir liom dul ann gach seachtain. Bhuel, beidh mé ag caint leat níos déanaí. Tabhair aire duit féin. Slán, Chris Branagan |
|
|