Author |
Message |
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Tuesday, November 19, 2002 - 11:09 am: |
|
Bail ó Dhia oraibh uilig! B'fheidir go mbeidh Seosamh Mac Muirí abálta mé a chabhrú leis an méid seo?? An bhfuil cúrsaí ar fáil in Eirinn i rith an tSamhraidh áit éigin atá dírithe do dhaoine ag a bhfuil a mbuncéimeanna bainte amach acu trí mheán na Gaeilge ach atá ag iarraidh "refresher course" a thógáil i bpointí gramadaí agus ar eile. Phléigh mé an smaoineamh seo le roinnt múinteoirí Gaeilge anseo sna Stáit Aontaithe (Eireannaigh ar fad a bhí iontu) agus dúradar uilig go mbéadh an-suim acu ina leithéid de chúrsa agus go rachfaidís abhaile chun bheith páirteach ann. Go raibh maith agaibh Seosaimhín |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, November 19, 2002 - 01:22 pm: |
|
Measaim gurb éard atá i gceist, mórán an cúrsa a reachtálann Éamonn Ó Dónaill scaití i rith an tsamhraidh in Oideas Gael : 'An Cúrsa Cruinnis' a thugtar air go minic, cé nach mar sin atá sé ar an chlár. tCím 5 - 12 Iúil agus 9 - 16 Lúnasa luaite leis le haghaidh na bliana seo chugainn, 2003. Tá ceann eile 'Oiliúint ar Mhúinteoirí' breactha síos acu do 12 - 19 Iúil. Bíonn ábhar maith agus leideanna cliste le fáil air siúd ag an té a bheadh ag teagasc na Gaeilge. Ní miste an TTG a lua. Teastas i dTeagasc na Gaeilge, cúrsa de chuid Roinn an Oideachais féin. Tharraing sé cur is cúiteamh ar chlár plé BEO an samhradh seo chuaigh thart. Cúrsa deas crua 3 seachtaine do mhúinteoirí agus d'ábhar múinteoirí a reachtáiltear in Instit. na Teicneolaíochta i nGaillimh SAOR in aisce. An té a bhfuil aitheantas faoin Roinn aige/aici, thig leo clárú le haghaidh an chúrsa leis an Roinn. Bíonn ar chách rang a thabhairt os comhair an tslua, cigirí na Roinne san áireamh agus glacadh leis an mholadh nó leis an cháineadh ina dhiaidh. Níl a fhios agam faoin Chrannóg, ná fé Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ná faoi chúrsaí Áras Uí Ghramhnaigh. Sílim go bhfuil bearna aimsithe agat a Sheosaimhín, mar ní minic a chuimhnítear ar éileamh den chineál seo a bheith thar lear. |
|
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Tuesday, November 19, 2002 - 03:50 pm: |
|
Bail ó Dhia ort a Sheosaimh, Go raibh míle maith agat os ucht an méid eolais atá léirithe agat thúas. S'é díreach rud éigin cosúil leis an TTG a bhfuil mé ar a' tóir! Agus má tá sé curtha ar fáil saor in aisce, tá sin níos fearr fós! Má tá bearna aimsithe anseo agam, a Sheosaimh, ní bheidh mé féin á líonadh mar is cuid dén bhearna mé! Tá mé féin ag iarraidh snás a chur ar mo chuid Gaeilge mar níl sí mar a bhí, i ndiaidh dom an méid ama atá caite agam i bhfad ó chuisle na teanga. Deirtear gur "an té is taistealaí, scéalaí" ach i cén teanga? Tá Spáinnis agus Ollanais foghlamtha agam ó thosaigh mé ag triall thar lear. Mar sin de, mothaím go bhfuil mo chuid Gaeilge ag sleamhnú! Má chuirim-se glaoch ar Oifig An Roinn Oideachais in Ath Luain an mbeidh siad abálta mé a stiúriú sa tréo cheart chun clárú don chúrsa san Institute i nGaillimh i 2003? B'fheidir gur ba chóir duit féin smaoineamh ar a leithéid de chúrsa cosúil leis an "Cúrsa Cruinnis" a chur ar fáil i Nua Eabhrac nó i mBoston do múinteoirí anseo?? This being the land of opportunity....... agus ar eile! Tá mé féin agus m'fhear chéile, Dominic, ag súil le breith ár gcéad linbh faoi láthair. Tá sé/sí mall ag teacht. Beidh dea-scéal againn roimh i bhfad, le cuidiú Dé! Cad fút féin a Sheosaimh? An bhfuil an tráchtas dochtúireachta críochnaithe agat? Tá súil agam go bhfuil agus go n-éirigh go breá leat. Go raibh maith agat arís, Beir bua agus beannacht, Seosaimhín |
|
Paul ()
| Posted on Tuesday, November 19, 2002 - 05:04 pm: |
|
A Sheosamhín, a chara, Cad é mar atá tú? Cad faoi Áras Uí Chadhain i gCeathrú Rua? Tá fhios agam go mbíonn cúrsaí do mhúnteoirí acu. Cén saghas, níl mé cinnte. Beannachtaí ar an leanbh nua atá ag teacht. Ádh mór, Paul |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Wednesday, November 20, 2002 - 08:21 am: |
|
Nára faide mórán an tráchtas ag teacht chun ' tsaoil ná do ghasúr féin a Sheosaimhín, go mbeannaí Dia daoibh uilig go léir! An ceart agat a Phóil, is diabhaltaí nár chuimnigh mé féin ar Áras Mháirtín Uí Chadhain thiar san áit a bhfuil treise na Gaeilge agus ar a leathbhádóir tíos faide siar arís, Áras Shorcha Ní Ghuairim. |
|
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Wednesday, November 20, 2002 - 09:34 am: |
|
A Phóil agus a Sheosaimh, Go raibh maith agaibh os ucht bhur mbeannachtaí d'ár leanbhín (nach bhfuil anseo go fóill!) Agus cinnte, níor smaoinigh mé féin ar Aras Uí Chadhain nó ar Aras Shorcha Ní Ghuairim ach tá siad ann. Tá mé ro-fhada thar lear! Caithfidh mé dul i dtéagmháil leo siúd 'san dá áit sula ndéanaim-se suas m'intinn faoin Samhradh seo chugainn. A Sheosaimh, tá súil agam go mbeidh do shaothar ar fáil i gcló roimh i bhfad! Bhéadh sé suimiúil é a léamh. Slán go fóill, Seosaimhín |
|
Peadar
| Posted on Friday, November 22, 2002 - 04:27 pm: |
|
A SheosaimhÃn, BÃonn cúrsa seachtaine ag Gael Linn i nGaoth Dobhair i dTÃr Chonaill gach bliain i mà Iúil agus mà Luanasa. Bhà mé féin ann roinnt bliain ó shin agus measaim féin gur an cúrsa seo ceann de na cúrsaà is fearr atá le fáil i nÉirinn. Nà mór duit ach scairt a chur ar Ghael Linn i mBaile Ãtha Cliath chun tuilleadh eolais a fháil. Go néirà leat Peadar. |
|
S. Nic Rabhartaigh
| Posted on Thursday, November 28, 2002 - 03:59 am: |
|
A Sheosaimh agus a Phóil, Ba mhaith liom a rá libh go bhfuil ár leanbh tagtha chun saol! Rugadh Conall Patrick Liam An Sáthairn seo chaite (23ú lá de mhí na Samhna) go slán sábhailte. Moladh go deo le Dia! A Pheadair, Go raibh maith agat faoin t-eolas ar Chúrsaí Gael Linn. Happy Thanksgiving do achán duine. Seosaimhín |
|
Seosamh Mac Muirí ()
| Posted on Thursday, November 28, 2002 - 06:10 am: |
|
Gura fada buan Conall P. L. i bhur measc agus gura buan i bhfad sibh féin ina chomluadar! A Sheosaimhín, is maith liom bhur ndea-scéala ar maidin. |
|
Paul
| Posted on Thursday, November 28, 2002 - 11:18 am: |
|
A Sheosamhin, a chara: Sceal iontach! Failte roimh Conall, agus ta suil agam go bhfuil tusa agus do theaghlach ar fad iontach maith. Ta Thanksgiving Day ann go deimhin. Adh agus beannacht, Paul |
|
S. Nic Rabhartaigh
| Posted on Friday, November 29, 2002 - 05:08 am: |
|
A Sheosaimh agus a Phóil, Go raibh míle maith agaibh! Tá sé an dheas ar fad bhur gcomhghairdeas a léamh as Gaeilge. Tá muid lán sásta lenar maicín! Tá sé mór agus sláintiúil agus ní thig linn níos mó a lorg. Tá súil agam go bhfuil ag iarraidh go maith libh beirt. Slán go fóill, Tá an fear beag ag scairteadh orm! Seosaimhín |
|
|