mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Táim ag chailleadh mo chuid Gaeilge!! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jean
Posted on Wednesday, April 17, 2002 - 08:25 am:   Edit Post Print Post

A cháirde,

níl a fhios agam go mbeadh sibh in ann mé a chabhrú. Chuaigh mé chuig scoil lán-ghaeilge ar feadh 10 mbliana. Tá sé beagnach 10 mbliana ó d'fhag mé scoil.

Táim i mo chónaí i mBaile Atha Cliath ag an nóiméad agus níl seans agam Gaeilge a labhairt le héínne. Déanaim iarracht éist le Raidió na Gaeilge ach níl seans agam ró-mhinic. Tá sé deacair fiú é seo a scríobh.

An bhfuil aon suggestions ag éinne chun mo chuid Gaeilge a choimead beo?

go raibh míle maith agaibh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Wednesday, April 17, 2002 - 02:11 pm:   Edit Post Print Post

Caithfidh tú dul i dteagmháil le lucht na Gaeilge. Beidh tú ábalta é sin a dhéanamh ar a lán slite.

Tabhair áit don teanga i do shaol laethúil. Luaigh tú Radió na Gaeltachta. Sin tús maith. Tá Radió na Life lar fáil chomh maith. Éist le clár raidió nó dhó go cúramach agus go rialta, gach lá má's féidir. Amannta eile cuir R na G (nó R na L) ar siúl sa chúlra ionas go mbéadh an Ghaeilge le cloisteáil go minic. Déan an rud ceanna le TG4, an cainéal teilifíse Gaeilge. Is fiú go mór do ghléas teilifíse a réitiú (má's gá) le TG4 a fháil. (Tá R na G le cloisteáil ar an Idirlíon, dála an scéal.)

Léigh an Ghaeilge. Tosaigh le rudaí an-simplí ar dtús -- Bainfidh sé sin an mheirg den teanga níos tapúla ná mar a cheapann tú. Go mórmhór má léann tú os ard uaireanta. Tar éis tamaill beidh tú ábalta nuachtáin, bróisiúirí, iriseáin agus leabhair a léamh arís.

'S é an rud is fearr -- agus is tábhachtaí -- ná caidreamh a chur ar bun le cainteoirí Gaeilge. Chomh luath agus atá blas na teangan ar ais agat. Fiú anseo i Meiriceá tá aithne agam ar a lán daoine atá sásta Gaeilge a labhairt liom. Is annamh a labhraim Béarla le cuid díobh!

D'fhéadfá dul ar chúrsa Gaeilge sa samhradh -- Oideas Gael, mar shampla, i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall. Luaigh Aonghus grúpa Gaeilge sóisialta i mBaile Átha Cliath freisin -- "Sult" an t-ainm ar an ghrúpa sin, sílim.

Éist le ceol Gaelach. Faigh foclóir maith. Agus ná bíodh aon eagla ort beagán gramadaí a dhéanamh ach an oiread :-)

Tiocfaidh an teanga ar ais go tapa. Geallaim sin duit.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

liam o briain
Posted on Sunday, April 21, 2002 - 08:32 am:   Edit Post Print Post

Sea, Léigh an nuachtán Lá a thagann amach gach Deárdaoin agus Foinse ar an Domhnach, téigh go dtí Caife TríD ar Sráid Dawson agus go dtí an Dáil Bia at Sráid Cill Dara an beirt acu bialanna lán Gaeilge. Tá Sult ar siúl in aice le Jurys Inn, Teampall Críost. Tá chlub Gaelach an Béal Binn ar siúl i mBré. Tá tí tabhairne ag Conradh naGaeilge.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge