Author |
Message |
Eibhlin Ni Leathlobhair ()
| Posted on Sunday, February 03, 2002 - 12:07 pm: |
|
A Chairde, Táim ag scríobh tráchtas faoi láthair ar an abhár "Na hÉirinnigh in Quebec" agus tá sé ar intinn agam caibidil amháin bheith dírithe ar "an Ghaeilge sa cheantar". Bheinn fíor bhuíoch as aon eolas ar féidir éinne a thabhairt dom nó cabhair ar bith i dtaca leis an ábhar. Míle buíochas, Eibhlín |
|
Liam Ó Briain
| Posted on Tuesday, June 04, 2002 - 04:51 pm: |
|
Bhí clár ar TG4 aréir maidir leis an cheangal idir Talamh an Éisc agus Éirinn. Bhí seanfhear ann ag canadh amhrán Gaeilge, sé sin ó chlár a rinne Radharc timpeall 1980. Nuair a bhíos thar lear chualas go raibh an Gaeilge á labhairt ag daoine i dTalamh an Éisc. |
|
Bocstaí
| Posted on Saturday, June 22, 2002 - 06:42 pm: |
|
Scríobh fear darbh ainm Ó hEadhra, leabhar fíorsuimiúil dar teideal Na Gaeil i dTalamh an Éisc. Seans go mbeadh sé in oiriúint duit |
|
|