Author |
Message |
Dennis King
| Posted on Tuesday, December 25, 2001 - 05:47 pm: |
|
"Nollaig ghrianmhar a dhéanann reilig bhiamhar [do na péisteoga]" a deir an seanfhocal. Más fíor dó, tá muid i drioblóid in Seattle. Tá sé grianmhar anseo le trí lá anuas. Bhí sioc ann ar maidin, ach sin an méid "Nollaig Bhán" a bhí againn. Conas atá an aimsir in áiteanna eile? |
|
Tracey
| Posted on Friday, January 18, 2002 - 04:22 am: |
|
Ta an teachtaireacht seo ag teacht beagainin ro-dheireanach don Nollaig! Anseo i gcroi-lar na hEireann faoi lathair ta an aimsir ina calm - ta si ro-bhog i ndairire don am den bhliain ach nilimid ag gearan fuithi!! Ni fhaighimid solas na greine sa Samhradh agus ni doigh liom, mar sin, go mbionn Geimhreadh crua tuillte againn! |
|
Dennis King
| Posted on Friday, January 18, 2002 - 07:10 pm: |
|
Mar sin a bhí sé anseo, bog atá má a rá, go dtí tús na seachtaine seo. Oíche amháin cúpla seachtaine ó shin bhí mé ag siúl síos an bóthar faoin mbáisteach, ag smaoineamh "Níl sé seo ró-dhona ar chor ar bith!" Fuair mé amach an lá dár gcionn go raibh sé 59F (15°C) an oíche sin, i lár Mhí Eanáir! Ach tá sé normálta anois: 4°C agus fliuch go fóill. Dála an scéil, feicim go bhfuil tú ar fud na háite, Tracey. Fáilte romhat inár measc! |
|
|