Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, November 22, 2001 - 04:30 am: |
|
Bail ó Dhia oraibh, a Ghaela Mheiriceá, ló so na marana. |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, November 22, 2001 - 07:43 am: |
|
Meas tú an gcuimhníonn aon duine ar na bunduchasaigh a chuir ar cumas na Pilgrim Fathers marachtaint chomh fada leis an Fómhair atá a cheiliúradh agaibh anois? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, November 22, 2001 - 09:22 am: |
|
Mar bhronntanas duit, a Aonghuis, agus le barr measa agus oinigh ar mhuintir bhunaidh Mheiriceá, beirim m'aistriú ar chaint saoi éigse agus laoch catha na tíre thiar, Geronimo : Is é a dúirt Geronimo : 'Is seanamhrán é an t-amhrán a chasfaidh mé. Is sine an t-amhrán ná cuimhne ar an té a chum. Tugadh anuas ó ghlúin go glúin é agus múineadh domsa é nuair nach raibh ionam ach gasúr óg. Is é m'amhrán anois é. Is amhrán naofa é seo agus is mór é a neart. Míneofar san amhrán agus mé dá chasadh, go seolfad tríd an aer chuig ionad naofa, áit a rannfas an tOll-Athair liom an chumhacht le gnóthaí iontais a chur i gcrích. Claochlód le linn mo sheoladh tríd an aer agus mionscamaill ar chaon taobh díom, sa dóigh gur neach iarcholainne mé ar ball.' (Tharraing Geronimo dearadh dá amhrán, dearadh a léirigh é féin i mbun taistil tríd an aer chuig an ionad naofa. Comharthaítear a chruth claochlaithe mar fháinne agus 'cineál aeir' thart air - réaltbhuíon dhiamhrach. Is í an ghrian a chomharthaíonn an t-ionad naofa ann. Tá ceannbheart na mbeann, arbh ionann agus an chumhacht dhiaga, á maisiú. Ceannbheart fear naofa is ea a leithéid.) An tAmhrán Naofa Geronimo ro chan. ................... O, ha le, O ha le! Awbizhaye Shichl hadahiyago niniya O ha le, O, ha le! Tsago dgi naleya Ah - yu whi ye! O ha le, O, ha le! (Curtis, N., 1907, 324) ................... O, ha le, O ha le! Eitlím néal tríd an aer, chun na spéire, ' bhfad, i bhfad, O, ha le, O ha le! le teacht ar an ionad naofa, anois, muise, tráth mo chlaochlaithe. O, ha le, O ha le! ................... A bhuí le Natalie Curtis, údar 'The Indian's Book', Dover Publications, NY, 1907 srl., as an mbunleagan. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, November 23, 2001 - 03:56 am: |
|
Go raibh maith agat, a Sheosamh. Feicim gur in Ollscoil Luimní atáir. Aon baint agatsa leis an dream mic (agus iníonacha) léinn atá dar bodhrú thall i dtír na mBeo? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, November 23, 2001 - 01:25 pm: |
|
Bail ó Dhia ort, a Aonghuis. Aithním cuid acu agus is cuimhin liom Seanán, cé nach mbíodh an Ghaeilg mar ábhar aige. Shaighid mé roinnt díobh chun BEOchana, ceart go leor. Ní bhíonn in aon ní ach seal, ar ndóigh agus tharla go mbíd scaití faoi chruóig aiste ('aistí' leis an bhfírinne a dhéanamh), ní bhodhrófar glan amach sibh, tá súil le Dia agam. |
|
Seosaimhín Nic Rabhartaigh
| Posted on Thursday, January 24, 2002 - 03:29 pm: |
|
A Sheosaimh, Tá mé díreach i ndiaidh an teachtaireacht seo a oscailt agus is aoibhinn liom an cur síos atá tugtha agat faoi "Geronimo" agus a amhrán. Go raibh míle maith agat. Seosaimhín |
|
|