mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2001 (July-December) » Carrickfergus - As Gaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Capall
Posted on Monday, November 12, 2001 - 04:45 pm:   Edit Post Print Post

Dia dhaoibh, a chairde,

Chuala me Seán Ó Sé ag chanamh an t-amhrán Carrickfergus as Gaeilge.

An bhfuil fhios ar éinne na focail as Gaeilge?

Go raibh maith agaibh

Trevor Ó Loinsigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Antóin
Posted on Wednesday, November 14, 2001 - 04:42 pm:   Edit Post Print Post

Seo dhuit leagan amháin:-
Do bhí bean uasal seal dá lua liom,
's chuir sí suas díom fóraíl ghéar;
Do ghabhas lastuas di sna bailte móra
Mar go dtug sí svae ['sway'] léi os comhair an tsaoil.
Ach dá bhfaighinnse a ceann siúd faoi áirsí an teampaill,
Do bheinn gan amhras ar m'ábhar féin;
Ach anois táim tinn lag 's gan fáil ar leigheas agam.
Is go mbeidh mo mhuintir ag gol im' dhéidh.

Do shiúlaíos Éire is an Mhumhain le chéile
Is cois Beann Éadair ag lorg mná,
Is ní fhaca éinne ar fhaid an méid sin
Do dhein mé phléasáil ach mo Mhalaí Bán.
Mná na hÉireann do chur le chéile
Is nach mór an t-aeraíocht dom san a rá;
'Sé dúirt gach éinne a chonaic mo spéirbhean.
Go dtug sí svae léi ó Chontae an Chláir.

Tá an ghrian ag imeacht is tá an teas ag tréigean
Is an tart ní féidir liom féin do chlaoi,
Mar go bhfuil an geall orm ó Shamhain go Féabhraí
Is ní bheidh sí reidh liom go dtí Lá Mhichíl;
Ach geallaim féin daoibh nach mar gheall ar an méid sin
A d'iontaíos féinig i gcoinne na dí,
Ach mar gheall ar mo chéad searc a dhein mé thréigean -
Chuaigh sí ag bailiú déirce dá clann iníon.

Agus táim tinn breoite is mo chos dheas leonta
Ó ghabh an ógbhean úd tharam isteach;
D'iarras póigín uair nó dhó uirthi,
For I'd long to roam with my own sweetheart.
For I'm tired of drinking and I'm seldom sober!
I'm a constant rover from town to town!
But now I'm dying and my days are over -
Come Malaí, a stóirín, and lay me down!

Fuaireas na focail sin ar http://www.mudcat.org/threads.cfm

Suíomh an-áisiúil ar fad. Tá an leagan Béarla/Gaeilge ann freisin má chuardaíonn tú an bosca "Digitrad and Forum search" ar bharr an leathanaigh ach tá an cló beagáinín trína chéile.

Ádh Mór

Antóin

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge