Author |
Message |
Sean Garland
| Posted on Tuesday, October 30, 2001 - 06:59 pm: |
|
A dhaoine uisle, Ná déanaigí dearmad, cuirfear tús leis An Bhliain Úr Ghaelach oíche amarach. Is í ceann dár bhféilte is tábhachtaí atá ann i rith na bliana. Lastar an tine chnámh agus deirtear go siúlann na taibhsí i measc na ndaoine. Codladh sámh! Slán agus beannacht Seán Mac Gartlan Co. an Dúin Éire |
|
Maidrín Rua
| Posted on Tuesday, October 29, 2002 - 06:50 am: |
|
Bhuel a Sheáin, bliain imithe agus tá Oíche Shamhna ag tíocht arís! Beidh cúpla tine chnámh lasta againn anseo in ollscoil Limnigh ar son na cúise! Tá súil agam go mbeidh oíche mhaith againn go léir Slán agus beannacht Co.Luimnigh |
|
Daithí ()
| Posted on Tuesday, October 29, 2002 - 06:54 am: |
|
hahaha! D'fhág tú amach do chuid u.... |
|
Seá n Garland
| Posted on Thursday, October 31, 2002 - 04:51 pm: |
|
A Mhaidrín Ruaidh, a chara, Ceann de na nósanna is sine 'sa tír seo ag dul siar go dtí an tseanaimsir ar a laghad dhá míle bliain ó shin ná daoine ar fud na tíre bheith ag lasadh tinte chnámh chun na féilte ársa a cheiliúradh, go mór mhór ag an tráth seo den bhliain mar atá Oíche Shamhna agus Bealtaine chomh maith. Agus thig liom a rá go bhfuil an tradisúinta sin ins an ait ina bhfuil me imo chonaí, Dún Pádraig, ag dul ar aghaidh go fóill gan briseadh ar bith. Ba é ar Oíche Shamhna a bhíodh cnoic na Sídhe fóscailte agus na síogaí uilig ag teacht amach i measc na ndaoine. Leis an fhirinne a rá, tá suil agam go mbeidh daoine an deiscirt ag tabhairt tacaíochta dúinne thall anseo sa tuaisceart 'sa todhchaí ar son na cúise. Is mise le meas, Seán Mac Gartlan Co. an Dúin Éire |
|
|