mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Éigse Nua-Eabhraic « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Posted on Monday, October 29, 2001 - 03:56 pm:   Edit Post Print Post

Mar eolas daoibh:

Eolas: Cáitlín Ní Chuinn
(212) 998-3950

ÉIGSE NUA EABHRAC

Beidh éigse ar siúl í dteach Glucksman in Ollscoil Nua Eabhrac, Dé Sathairn an 3ú lá de mhí na Samhna, ón 10 a.m. go dtí 5.30 p.m. Is í an teanga bheo teáma na héigse.

Tá an éigse á eagrú ag Pádraig Ó Cearúill atá ina leachtóir le Gaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac.

Beidh Lillis Ó Laoire as Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir in Ollscoil Luimnigh ag tabhairt léachta ar "Níl daoine chomh té dá chéile agus a bhí", meafar saoil sa Ghaeilge, ar 4.30 p.m.

I measc na gcainteoirí eile beidh Barra Ó Donnabháin, Máire Ní Bhaoill, Hilary Bn Mhic Suibhne, Jen Dewar, Veve Lelé, agus Éilís Bn Uí Rathaille. Beifear ag plé ábhair a bhaineann leis an Ghaeilge in Éirinn agus i Meiriceá
chomh maith le saol Nua Eabhrac. Beidh imeachtaí an lae uilig tré mheán na Gaeilge.

Crióchnóidh an éigse le dráma le Mac Dara Mac Uibh Aille ar 7.00 p.m. agus le seisiún amhránaíochta ar an tsean-nós le Lillis Ó Laoire. Cead isteach saor in aisce. Fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais ó Phádraig Ó Cearúill (212) 477-6177 nó (212) 998-3950. Tá teach Glucksman ag 1 Washington Mews, le doras ar Ascall a Cúig, leathbhloc ó Washington Square
Park.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge