Author |
Message |
bryan patrick greeves ()
| Posted on Thursday, October 04, 2001 - 11:07 am: |
|
i am trying to get a phrase translated for a project i am working on. if someone could please help me i would appreciate it greatly. "think for yourself" thank you very much |
|
Dennis ()
| Posted on Thursday, October 04, 2001 - 03:50 pm: |
|
Smaoinigh ar do shon féin. = Think on your own behalf. Aon slí eile len é seo a rá, a chomrádaithe? |
|
Aonghus
| Posted on Monday, October 08, 2001 - 03:51 am: |
|
An brí a bhaineann mise as "Smaoinigh ar do shon féin" ná think _of_ yourself. Déan do chuid smaoineamh thú fhéin - do your thinking yourself a mholfhainnse. Tovarich Aonghus |
|
Dennis King
| Posted on Monday, October 08, 2001 - 01:15 pm: |
|
Dia duit, Aonghais, Is dócha go bhfuil "ar do shon féin" cineál débhríoch. Má smaoiníonn tú mar sin, is tusa atá ag smaoineamh, ní aon duine eile, mar sin is "by yourself" é. Ach san am céanna, ciallaíonn "ar do shon féin" go bhfuil do leas féin ar intinn agat, gur "ar mhaithe leat féin" atá tú ag meá agus ag pleanáil. Ach nach bhfuil an Béarla "for yourself" débhríoch chomh maith? He did it for himself. = "Leis féin a rinne sé é (ó nár fhan sé le cúnamh ó éinne)" agus "Ar mhaithe leis féin a rinne sé é". Maidir le "think of yourself", "smaoinigh ort féin" a déarfainn. Ach an méid sin ráite, tá "déan do chuid smaoineamh thú féin" an-soiléir, cé nach bhfuil bua na gontachta aige. Conas atá an aimsir i mBÁC faoi láthair? Samhradh Indiach a bhí againn anseo sa PNW go dtí inné, geal agus te, ach tá sé sin ag athrú anois. |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, October 09, 2001 - 03:45 am: |
|
Raigeannaí baistí! Is fuath liom scáthanna baistí. Táimse beagán thar an méan aoirde - 6 troigh agus orlach. Agus tá speaclaí orm. Ní mór dom bheith ar mo airdeall ag siúl tríd na sraideanna san aimsir seo nach scuabann duine deifreach éigin mo speaclaí chun siúl lena scáth baistí! Táim ag ceapadh go raibh iomlán na cirte ach lucht na cathoireacha Sedan fogha a thabhairt bhfaoin firín a thosaigh ar parasol a úsaid mar dhíon ar an ndroch aimsir! |
|
Seosamh
| Posted on Tuesday, October 09, 2001 - 12:29 pm: |
|
Geal agus fuar i Nua Eabhrac. Gaofar ar feadh tamaill. Tá na plandaí insna gairdíní agus na bláthcheapacha i mbun a bhfáis. Iontach deas ach brónach chomh maith: Chonaic mé meall mór impatiens ag fáil bháis den chéad uair inné. Tá an chuid is mó de na crainn glas fós. |
|
Dennis King
| Posted on Tuesday, October 09, 2001 - 02:22 pm: |
|
Maidir le scáthanna báistí, tuigim duit, a Aonghuis. Níl mé chomh hard leatsa, ach is fuath liom iad mar sin féin. Gléas mínádúrtha, mímhúinte, beagnach mímhorálta is ea an scáth báistí! ;-) |
|
|