mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Tionscnamh agus suíomh úr - an Dámhscoil Nua « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Donncha Ó Broin
Posted on Friday, July 27, 2001 - 05:18 am:   Edit Post Print Post

NÍ NEART GO CUR LE CHÉILE
Tionscnamh úr ealaíne
An Dámhscoil Nua


“Gaoidhil Éireann is Alban
aimsir eile,
ionann a bhfréamha is a bhfine,
scéala ár scoile.”

“an Ghaeltacht ó Charn Uí Néid i gCorcaí go Ceann Cait in Albain.”

Ar feadh linnte fada bhí lucht Éigse agus Seanchais na hÉireann, na hAlban agus Mhanainn ina mball de aon Fhoras amháin: An Dámhscoil.

Chothaigh an Dámhscoil aontas cultúrtha idir aestetic agus teanga i measc na nGael agus rinne meabhrú ar chomhthraidisiúin.

Bhí lucht na hÉigse ag brath ar phátrúntacht na dtaoiseach faoin socrú a rinne Colm Cille ag Comhdháil Dhroim Ceat. Nuair a cuireadh deireadh le córas na dTaoiseach chuir sin deireadh leis an Dámhscoil chomh maith.

Mhair cuimhne ar an bhforas bunúsach de chuid na nGael seo.

Anois tá buíon d’ealaíontóirí ó Éirinn, Albain agus Manainn ag teacht le chéile chun athnuachan a dhéanamh ar an seanfhoras seo ach é a chur in oiriúint do dhálaí na linne gona dúshláin nua agus teicneolaíocht na faisnéise.

An Dámhscoil Nua is ainm don tionscnamh seo agus is é damhscoil.com seoladh an tsuímh atá á fhorbairt acu. Cuirtear an suíomh seo ar fáil saor in aisce mar ardán do Ealaíontóirí Gaelacha agus cuirfear gach tacaíocht eile ar fáil ar an suíomh chomh maith

Féile na Samhna
i dTuaisceart Aontroma

Tiocfaidh lucht na Dámhscoile Nua le chéile uair sa bhliain do “Féile na Samhna” ar Oileán Reachrann. I mbliana beidh an fhéile ag dul ar aghaidh idir an 26ú – 28ú Deireadh Fomhair.

Beidh taispeántaisí ealaíne, léamh filíochta, cainteanna, turasanna, seoladh leabhar, seoladh suíomh idirlíon, ceol agus craic mar chuid den fhéile. Roghnófar Ardollamh Éireann agus Albain le h-Éigeas ag na healaíontóirí ann agus bronnfar duais cuí. Ach thar aon rud eile beidh deis ag lucht ealaíne na nGael bualadh le chéile ar an oileán draíochta seo ag am draíochta na bliana.

Beidh an fhéile ag dul ar aghaidh idir an 26ú – 28ú Deireadh Fomhair.
url : www.damhscoil.com
teagmháil : Donncha Ó Broin
ríomhphoist :

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge