Author |
Message |
Mary
| Posted on Tuesday, May 29, 2001 - 02:15 pm: |
|
We are three irish girls going to Woodside in August and we are seeking employment in this area.We are willing to do restaurant/bar/shop work and would be very grateful if anyone out there could give us names and adresses of possible future employers. Gabh raibh mile maith agat! |
|
liam o briain ()
| Posted on Saturday, June 02, 2001 - 11:06 pm: |
|
This is not a site to find employment on but to communicate in irish or talk about the language. |
|
Mary
| Posted on Sunday, June 03, 2001 - 07:50 am: |
|
Silim go bhfuil an site seo in a site don comhra giniralta, nach bhfuil? |
|
Dennis
| Posted on Sunday, June 03, 2001 - 01:21 pm: |
|
Is dócha go bhfuil chuile rud inghlactha anseo, seachas clúmhilleadh agus bagairtí buama, ach é a rá as Gaeilge! Ach níl ionam ach gnáthdhuine a thagann anseo ó am go ham, so b'fhéidir go bhfuil dul amú orm. Pé scéal é, an é Woodside, California atá i gceist? Sin comharsanacht thar a bheith upscale, más buan mo chuimhne: daoine ina gcónaí ar mhuin na muice! |
|
Seosamh
| Posted on Sunday, June 03, 2001 - 07:35 pm: |
|
I saol na nGael, a Dhonncha, tá Woodside, Queens i Nua Eabhrac i bhfad 'Éireann' níos tábhachtaí ná Woodside, Calif. Ba chóir do Mháire níos mó Gaeilge a chur i dteachtaireacht in áit mar seo. Tá gnólachtaí Éireannacha in Woodside, ceart go leor, ach níl siad bailithe le chéile i bhfoinse ar bith a bhfuil teacht agamsa air. Chuirfinn ceann nó dhó nó trí go díreach chuig Máire ach a seoladh ríomhphoist a bheith ann. Ach níl. Níor mhaith liom an t-eolas i dtaobh na ngnólachtaí a chur suas anseo in áit phoiblí. |
|
mary
| Posted on Tuesday, June 05, 2001 - 05:15 pm: |
|
Dear repliees Thank You for the replys but they, the three people who are going over, can not speak any irish and would be very grateful if you could reply back to them in english. Thank you but only the realistic replys would be very much appreciated. As for this being a discussion site for the irish, didnt many of our ancestors go to America years ago so, obviously we would like to find out LIAM, what the American way of life is by getting in touch with people who are already out there. People who realise that they too are Irish decendants and have as much right as an Irish person to be on this site cos after all it is an Irish discussion site. Yeah? is that right? |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, June 06, 2001 - 12:50 am: |
|
The site is for discussion about Irish or in Irish. There are other places on the Internet and elsewhere for communication like your request, Mary. I don't want to sound hard-nosed about it, but you would be expected to conform to the purpose of any site on the Internet. I'll be happy to send you the names and addresses of a couple Irish businesses in Woodside, etc., if you'll use your e-mail address when posting your next message. When I click on your name above, I don't get an address. |
|
stu
| Posted on Wednesday, June 06, 2001 - 03:18 am: |
|
This same problem occurs on discussion boards all over the net. What happens is that the people who set up the board mistakenly assume that everyone enters (at least for the first time) via the home page which is where they usually display the criteria for postings. But search engines happily land you directly on the board without ever seeing the home page and as a result people just see “Irish” and get carried away. Is mór an trua é nach bhfuil ? |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, June 06, 2001 - 12:25 pm: |
|
'S ea. Is trua é. Sórt Spam atá ann, i ndáiríre, mar sin. |
|
Seosamh
| Posted on Wednesday, June 06, 2001 - 12:26 pm: |
|
'S ea. Is trua é. Sórt spam atá ann, i ndáiríre, mar sin. (Le bheith cruinn :-) |
|
Liam O Briain
| Posted on Thursday, June 07, 2001 - 05:03 am: |
|
Caithfidh mé a rá go bhfuil caighdéan cainte an suíomh seo ag dul in éag anois. Tá Meireacánaigh ag lorg eolas maidir le abairtí agus focail Gaeilge. Roimhe seo bhí ábhair suimiúila againn gach lá agus Jonas, Seosamh, Laighneach, Máire, mé féin agus daoine eile ag scríobh isteach. Do chara, Liam |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, June 07, 2001 - 05:43 am: |
|
> Tá Meireacánaigh ag lorg eolas maidir le abairtí agus focail Gaeilge. Is mór an gar an méid sin, a Liam, nuair a chuimhníonns tú. Is ceart cuidiú leo, óir is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, deir siad. Is é sin, mura mbíonn mórán suime thairis an gceist acu féin, cá bhfios ach go spreagfadh sé duine óg eile sa teaghlach acu, céim sa bhreis a ghlacadh am éigin agus a dhul ag póirseáil níos doimhne i dteanga na Gaeilge? Comharthaíonn sé fiúntas éigin nuair a iarrfas an duine is scoite ar domhan teangmháil le dúchas a shinsir. Dlíonn an chéad choisbéin cuidiú. Mura rachaidh sé thairis sin, is faoi féin é. Thig leis a bhealach féin a ghearradh roimhe sa saol ina dhiaidh sin, ach bímisne, lucht na Gaeilge, roimhe ag an tús le míntlás. Meas tú? |
|
Dennis
| Posted on Thursday, June 07, 2001 - 02:50 pm: |
|
Is léir gur fial flaithiúil foighneach an duine thú, agus dóchasach chomh maith, bail ó Dhia ort! Bhinnse mar sin, agus bím fós, uaireanta. Tá an ceart agat: is fiú síolta --blúirí beaga Gaeilge -- a chur áit ar bith is féidir. Ach mar sin féin, éirím dubh dóite go minic de na daoine uilig atá ina seasamh sa bhéal orainn ag iarraidh rud éigin "ceremonial" as Gaeilge: tatú, ainm do bhád, inscríbinn leamh eile ar fháinne pósta eile, nó conas "grandma" a rá! Séard a fheicim ná a lán daoine a thagann anseo, a dhéanann a gcuid iarratas i gcúpla focal, múinte nó borb, agus a imíonn le gligín geal Gaeilge ina lámh, talisman nua. Deir cuid acu GRMA roimh dhul as radharc i gceo an cyberspás, ach sin an méid. Ach, a Sheosaimh, tá misneach agat go fóill, agus is maith ann thú mar sin, le cuidiú leo ar feadh tamaill! :-) |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, June 07, 2001 - 04:01 pm: |
|
Ní beag an rud é an 'ar feadh tamaill', ceart go leor. Tá a fhios agam go maith go bhféadfaí cuid mhór den lá a chur amú le hiarratais seo na beagstuaime. Chuimhníos am éigin inniu gurbh fhiú roinnt gasúirí a íoc lena iad seo a fhreagairt. Nílim le mé féin a spíonadh glan amach ar son na cúise, ná bíodh aon fhaitíos ort faoi sin. Is éard a bheadh i gceist agam, muintir na cúise a mbeadh scéim fostaíochta idir lámha acu, thiocfadh leo duine i ndiaidh a chéile dá gcuid a shaighdeadh i mbun na freagraíochta seo ar feadh roinnt uaireanta gach lá. Áras Chrónáin, Muintearas na nOileán, An Conradh thall is abhus, nó eile. An dream atá intuirse ní foláir dóibh a bheith glic! |
|
Aonghus
| Posted on Friday, June 08, 2001 - 09:28 am: |
|
Luaidh anseo cúpla uair cheana gurbh cheart "Ceisteanna a chuirtear go minic" (FAQ) a chuir ar fáil. Ní bhéimís ár mbodhradh maidir le "mamó" nó céard is fearr a chuir ar cartá pósta nó....da mbeadh a leithéid ann. Am ag aoinne é chuir ar fáil? |
|
Seosamh
| Posted on Friday, June 08, 2001 - 12:35 pm: |
|
Uaireanta cuireann Caoimhín nasc ann leis an fhreagra sa chartlann ar chuid de na síorcheisteanna seo. Uaireanta eile déanann muidne é. Ba chóir go mbeadh rannóg FAQ ann, cinnte. Beidh an t-am ag duine againn é a dhéanamh lá éigin. Tuigim an fáth nach dtaitníonn le daoine áirithe 'Gaeilge mar mhaisiúchán', mar a thug Aonghus air ar ócáid eile. In Éirinn féin is minic a thugtar béalghrá don Ghaeilge agus is rud baolach sin má táthar ag séanadh na teanga in áit í a ghlacadh. Gí gur deacair a chreidbheáil áfach, is féidir leis an scéal a bheith níos measa: Is fearr go mór é sin ná an teanga a bheith imithe glan amach as intinn na ndaoine. Tá seo le feiceáil i measc cuid de shliocht na nGael thar lear. Tá daoine ann in Éirinn ar mhaith leo sin ná rud maith agus déanann siad a ndícheall le ligint orthu go bhfuil a leithéid fíor. Toradh dearfach dosheachanta ar ár n-iarrachtaí leis an teanga a chur chun cinn atá insna hiarratais seo. Tuigeann na daoine seo ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile -- dá ghairbhe an dóigh -- gur cuid dena ndúchas féin an Ghaeilge. 'S é an dúshlán atá romhainn ná iad a bhrú chun céim nó dhó níos faide a thabhairt. Nílim ag rá gur chóir go mbeadh duine ar bith ag caitheamh a shaoil ag freastal orthu, ach an oiread. |
|
|