Author |
Message |
Liam O Briain ()
| Posted on Wednesday, May 09, 2001 - 01:33 am: |
|
Gabhaim mo leithscéal arís ach ba mhaith liomsa eolas a fháil faoin Gaeilge sa Daonáireamh deireanach san Talamh Úr. Léigh mé ar an suíomh seo go raibh 20,000 daoine agus an Gaeilge acu mar theanga labhartha i Meiricéa. An bhfuil sé seo ceart? |
|
Sean
| Posted on Monday, May 14, 2001 - 12:28 am: |
|
Cá mhéad? 20,000 Éireannach thar lear, nó Meiriceánaigh a d'fhoghlaim Gaeilge agus a bhfuil Gaeilge líofa acu anois? Is iomdha Éireannach anseo a bhfuil Gaeilge measartha maith aige/aici. Ach i measc lucht na tíre seo....ní thig liom a rá. Seán |
|
Seosamh
| Posted on Monday, May 14, 2001 - 12:58 pm: |
|
Mise a luaigh an figiúr sin tamall siar. Tá mé cinnte gur bhfuair mé é ó shaineolaí áirithe ach ní cuimhin liom an fhoinse i gceart. Is dóigh liom gur tháinig sin ón daonráireamh a rinneadh i 1980 agus go bhfuil uimhir níos ísle inniu ann. Chuaigh mé isteach i láithreán an U.S. Census ach ní raibh figiúirí le fáil ar theangacha chomh beag sin (ná ar theanga ar bith insan daonráireamh is déanaí). Rinne mé fiosrúchán leo ach ní bhfuair mé freagra go fóill. Níl mé cinnte i dtaobh daonraí '80 agus 2000 ach i 1990 níor bhac an Census le ceisteanna faoi na teangacha a bhí ag daoine ach leis na teangacha a bhí á labhairt i gcónaí nó go minic sa teach acu. Cainteoirí líofa nó dúchasacha a labhraíonns an teanga ar bhonn rialta a bheadh i gceist mar sin, agus ní an gnáthfhoghlaimeoir Meiriceánach ná an gnáthimirceach as Éirinn a bhfuil Gaeilge na scoile aige/aici. |
|
|