Tá ranganna ar siúl ag Ollscoil Nua-Eabhraic. Pádraig Ó Cearúil, as Gaoth Dobhair, a mhúineas iad (seachas an cúrsa oíche sa chlár Continuing Education -- Uaitéar Stock, Gael-Mheireacánach, a mhúineas). Tá a lán mac léinn ann. Múineann sé ranganna príobháideacha ann fosta agus tá bunrang múinte ag Pádraig ag Ollscoil Fordham chomh maith. Tuilleadh eolais ó
.
Tá dream Dhaltaí páirteach insan chlár Gaeilge ag Coláiste Brookdale i Nua Jersey. B'fhéidir gurbh'fhéidir le duine acu dul i dteagmháil leat (é sin nó cuir ríomhphost go díreach chucu).
Tá a lán bunchúrsaí agus roinnt meánchúrsaí ar siúl ag coláistí agus ollscoileanna éagsúla. Is fíor go mbíonn cúrsaí Gaeilge ann mar chuid den léann Éireannach/Ceilteach sa tír seo .i. ag barr an chórais. Ach thoisigh an fás atá le feiceáil le breis is fiche bliain anois as éileamh ón phobal i gcoitinne. Taobh amuigh den chóras oideachasúil amach is amach a cuireadh tús leis an fhás - Ba ag ranganna oíche faoi choimirce meánscoileanna agus inár seomraí suí féin a thug an chuid is mó dínn faoin teanga a fhoghlaim den chéad uair.
Maidir leis na ranganna ollscoile, is gnáthmhic léinn chomh maith le daoine fásta ón phobal máguaird a bhíos i gceist an chuid is mó den am. Thosaigh an fás le cúrsaí insna Community Colleges (a mbíonn cláracha céime dhá bliain acu agus a bhíonn oscailte don phobal.) Leath an fás go coláistí ceithre bliana dála U. Penn., Vassar, srl.