Author |
Message |
Colm ()
| Posted on Monday, November 27, 2000 - 04:06 pm: |
|
"Ní spáráil do chapall nó spáráil do bhean mar ní fhios agat cén uair a maríocht duine eile iad!" Is seanfhocal go hiotach é, nach bhfuil!? Ach, ní deir an fír nua-aimseartha an seanfhocal seo!, Colm. |
|
Dennis
| Posted on Monday, November 27, 2000 - 04:34 pm: |
|
Tá sé go huafásach, idir ghreann agus ghramadach. Is léir ón droch-Ghaeilge nach seanfhocal dúchasach é ar chor ar bith, buíochas le Dia. |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, November 28, 2000 - 04:10 am: |
|
Anois Dennis, tá tú ró dhian ar Cholm. Tá sé ag deanamh iarracht. Agus tá an greann céanna feicthe agam i roinnt sheanfhocal, ní haon ní nua é "muc fireann chauvinach". Ach dé ghnáth is áibhéil atá i gceist. |
|
Laighneach
| Posted on Tuesday, November 28, 2000 - 06:18 am: |
|
Is ceann dúchasach atá ann, Dennis, tá sé feicthe agam cheana.Bheadh orm féachaint ar an leabhar thíos luaite chun é a fháil i gceart.Is é Colm(nó duine eile)a chuir drochghramadach air(Ach ní cóir bheith ró-dhian air faoi, mar a deir Aonghus).Tá sé le fáil ag deireadh an leabhair "Glíomail go Giniúint: Foclóir na Collaíochta".Leabhar an-áisiúil atá ann! |
|
Dennis
| Posted on Tuesday, November 28, 2000 - 01:41 pm: |
|
Séard atá le fáil in _Ó Ghlíomáil go Giniúint_ ná "Spáráil do bhean is do chapall, ar eagla go mbeadh duine éigin á marcaíocht i do dhiaidh." (Spare them lest...) Tá an leagan ciotach a thug Colm dúinn bunoscionn leis seo 100%! Ní bean ná capall mé, ach ní dóigh liom go bhfuil an leagan truaillithe a chonaic muid inné cliste ná greannmhar in aon chor. |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, November 29, 2000 - 03:59 am: |
|
Is fearr liom do leagansa ceart go leor, ach ni dóigh liom go naontóidh bean leat - ós rud é go bhfuil an dá leagan ag deanamh earra den bhean. |
|
Dennis
| Posted on Wednesday, November 29, 2000 - 12:29 pm: |
|
Gan dabht! Agus is dócha nach seanfhocal ceart é, ach nath a chum Seán Pheats Tom Ó Cearnaigh (iar-Bhlascaodach). |
|
Colm ()
| Posted on Thursday, December 14, 2000 - 03:47 pm: |
|
Gach Duine, Tá mé ar buile liom féin - scríobh mé an sheanfhocal gan smaoineamh. Tá súil agam go bhfuil gach rud go maith. Nollaig Fé Shean agus Athbliain Fé Mhaise. Colm. |
|
|