Author |
Message |
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 463 Registered: 11-2004

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 10:02 am: |     |
Féachaigí an méad teachtaireachtaí atá sa rannóg Bhéarla, agus an méad atá sa rannóg seo. Cad is brí de? Tá suim sa Ghaeilge ag gach duine ar an gclár plé seo, cheapfaí. Ach nach bhfuil suim ag éinne in úsáid na Gaeilge mar theanga? An saghas 'soduko' amháin í? An 'spórt lucht féachana' amháin í? |
|
   
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4637 Registered: 08-2004

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 10:40 am: |     |
Tá daoine ann nach bhfuil an misneach acu teacht anseo. Tá sé níos "sabháilte" sa Bhreac Gaeltacht, áit gur féidir titim siar ar an mBéarla más gá. |
|
   
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 41 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 10:56 am: |     |
tá sé cosúil le snámh sa deireadh is doimhne sa linn snámha (Message edited by Mise_Fhéin on January 08, 2007) |
|
   
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 42 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 11:00 am: |     |
cac, táim do mo bhá fhéin.. |
|
   
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2212 Registered: 02-2005

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 11:43 am: |     |
Ach, tá níos mó teachtaireachtaí i nGaeilge anois -- i bhfad níos mó -- thuas ansin sa BhreacGhaeltacht ná mar a bhíodh. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 464 Registered: 11-2004

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 01:30 pm: |     |
Mar a fheictear dom é, agus admhaím nach léim an rannóg sin go minic, bíonn siad ag síor-scríobh as Béarla, uairteanta faoin nGaeilge. Ní dóigh liom gur miste le mórán daoine anseo cúpla focal Béarla mura bhfuil na focail Ghaeilge ag an duine. Tá an iomarca de dhaoine fásta oilte ina seasamh ag ceann éadomhain na linne, dar liomsa. |
|
   
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2215 Registered: 02-2005

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 02:19 pm: |     |
Féach na comhráite seo a leanas thuas, a Shéamais. Tá siad i nGaeilge amháin, nó tá nócha faoin gcéad dá bhfuil iontu i nGaeilge: Nollaig na mBan Litir san Irish Times inné Tomhais Nua (agus The Zen of Tomhais roimhe sin) Earraí Gaelacha The mysterious t Is fíor nach gcloiseann muid ach Béarla ó chuid de na daltaí is strambánaí, Gavin agus Kieran go háirithe. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 466 Registered: 11-2004

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 03:05 pm: |     |
Maith go leor, ach tá i bhfad níos mó téada ann gan Ghaeilge, sílim. |
|
   
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 710 Registered: 06-2005

| Posted on Monday, January 08, 2007 - 03:19 pm: |     |
Domsa, ó mo thaithí acadúla is é cruthú sochaí dátheangach an bealach is fearr leis an nGaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail. An scéal céanna anseo a shéamais, seo cuid trí ghaeilge amháin. Mar sin, scríobhann mé féin sa chuid eile níos minicí. Cabhair a thabhairt do dhaoine agus iad a spreagadh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge a dhéantar sa chuid eile. Bhuel, sin díreach mo thuairim féin agus aontaím le Dennis ansin go bhfuil níos mó Gaeilge ann ná mar a bhí. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
   
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 263 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 08:55 pm: |     |
Dia dhuit a Sheamais, Níl aithne agat orm fós ach léigh mé cúpla rud a scríobh tú i do bhlog. Cúpla cheist: 1. 'Bhfuil tú i ndáiríre le do thuairimí faoin cogadh nó an mbíonn tú ag iarraidh díospóireachtaí a spreagadh? 2. Céard atá i gceist agat le "An saghas 'soduko' amháin í?" thuas? Tá tú ag caint faoi 'sudoku', an cluiche leis na huimhreacha, nach bhfuil? Gabh mo leithscéal ach ní thuigim cén baint a bheadh aige sin leis an gcaoi ina labhraímid le céile anseo. 3. Nuair atá daoine in ann rud a dhéanamh go maith, nár mhaith an rud é an t-eolas sin a roinnt? Tá mé féin fíorbhuíoch dóibh siúd atá in ann caint go líofa anseo ach a chaitheann go leor ama ag cabhrú linn sa 'BhreacGhaeltacht' mar a chuireann Dennis air. 4. Is iontach an rud é go bhfuil Gaeilge mhaith agat ach tá daoine eile ag tosnú ar an turas sa teanga atá críochnaithe agat agus nach iontach an rud é go bhfuil suim ag na daoine sin sa teanga? 5. Ón bpictiúr den Road Runner agus a theanga amach, an féidir liom a thuiscint gur maith leat bheith ag magadh mar sin, ó am go ham? Caitríona |
|
   
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 264 Registered: 12-2005
| Posted on Monday, January 08, 2007 - 09:17 pm: |     |
Ceist amháin eile: Gabh mo leithscéal a Shéamais, ach léigh mé an chéad líne a chonaic mé uait sa BhreacGhaeltacht sa phíosa 'Nollaig na mBan' agus thosaigh tú le "Ní maith liom bheith i mo bheachtóir,..." Dáiríre? Ó, agus ní raibh mé in ann teacht ar an bhfocal sin 'beachtóir' insan bhfoclóir atá agam anseo (Ó Dónaill). Anois, níor mhaith liom bheith ag déanamh glór mór ar bheagán cúise... Caitríona |
|
   
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4646 Registered: 08-2004

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 05:15 am: |     |
beachtú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm). |
|
   
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4647 Registered: 08-2004

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 05:19 am: |     |
Féach, focal eile atá ag an FB beachtaíoch [aidiacht] tugtha do bheith ag ceartú daoine. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 467 Registered: 11-2004

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 10:04 am: |     |
Dia is Muire duit, a Chaitríona. 1. Lán dáiríre. 2. Mílitriú a bhí agam. Níl suim agam sa chluiche, mar atá. Ach is cluiche do mórán daoine castacht na Gaeilge, na rialacha gramadaí, srl. Is breá leo bheith ag cur síos ar an ábhar i gcónaí - teagneolaithe, den chuid is mó, is dócha. Ach ní úsáideann siad an teanga mar theanga. 3&4. Thosaigh mé féin ar an liosta Gaelic-L agus ansin Gaeilge-B nuair a tosaíodh é. Thug an Dennis céanna seo againn morán cabhrach dom. Rinne mé amhlaidh le blianta mé féin. Ansin, chuaigh mé go Gaeilge-A amháin le fada, agus is mó comhrá a spreag mé ansin, freisin (bhíodh comhráite ann tráth). Ní miste liom cabhair a thabhairt d'éinne, ach ní maith liom gach rud a athscríobh as Béarla níos mó, agus múinim Gaeilge le daoine beo gach seachtain (le blianta fada). B'fhearr liom í a scríobh agus a labhairt chomh minic agus is féidir liom. Rinne mé mo sheacht ndícheal chun sin a dhéanamh chomh luath agus ab fhéidir liom (roimhe sin, dar le daoine áirithe...), agus ní thuigim an fáth nach ndéanann an chuid is mó de na foghlaimeoirí an iarracht chéanna. Sin mar a fuair mise líofacht - sin agus léamh na Gaeilge. Táim ag iarraidh daoine eile a spreagadh chun líofacht sa teanga a bhaint amach. 5. Tá an Road Runner agam mar gheall ar na hionsaithe a rinne na beachtóirí orm anseo b'fhéidir bliain ó shin. Bhí daoine cosúil le Wile E. Coyote do mo ghéarleanúint - "super geniuses" a bhí iontu, ina dtuairimí féin. Táim ag sá mo theanga amach chucusan. 6. Thug Aonghus an freagra duit. Cheartaigh mé litriú Aonghuis chun cabhair a thabhait do na foghlaimeoirí. Ach déantar a leithéid go minic chun cur in iúl cé chomh cliste agus atá an té a dhéanann. Agus stadann sé comhráite go mion minic. An fhadhb is mó atá ann d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge ná nach féidir le foghlaimeoir aon rud a scríobh nó a rá (go háirithe in Éirinn, i measc na bhfoghlaimeoirí 'cliste') gan duine á cheartú. Is maith an rud eolas a fháíl faoin ndóigh cheart chun rud áirithe a rá. Ach go rí-mhinic, níl suim dá laghad ag an mbeachtóir sa rud a dúirt an duine. Níl suim acu ach sna ceartúcháin. Stadtar an chaint. Is fuath liom sin. Bíonn daoine ag caint as Béarla faoi ghramadach na Gaeilge seachas ag caint as Gaeilge mar gheall air, dar liom. |
|
   
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 267 Registered: 12-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 02:21 pm: |     |
Is breá liom go bhfuil tú ag scríobh i nGaeilge. Aontaím go bhfuil sé tábhachtach an teanga a úsáid, fiú nuair nach bhfuil na scileanna go léir sa teanga fós againn, nuair atá rud tábhachtach le rá againn. Ach nuair a úsáideann duine an teanga chun drumaí a bhuaileadh don cogadh a bhris dlíthe idirnáisiúnta; a mharaigh timpeall 400,000; atá ag robáil m'airgead chun buamaí a cheannach; a spreag céasadh; a d'úsáid WMDS (sean uráinium) agus airm céimiceacha (fosfarúil bán), tá an duine sin ciontach san dúnmharú freisin. Is masla é do na daoine a thug an teanga seo dúinn, na daoine a bhí ann romhainn, na daoine a d'fhulaing i gcogadh a bhagair ár saolta agus ár dteanga inár dtír fadó. Is masla é do chreideamh formhór na hEireannaigh a chreideann i síocháin, agus is masla uafásach é do dhaoine san Iraq an méid atá a scríobh agat i do bhlog sin a léamh, agus iad ag iarraidh a thuiscint cén fáth a bhfuil siad ag dul i socraid a gcairde, lá i ndiaidh a céile. Tá meas agam ar an gcaoi a d'fhoghlaim tú an teanga ach níl meas dá laghad agam ar an méid atá a rá agat i do bhlog. Tá sé contúirteach don tír,don domhan, do na daoine a léann é agus dod' chroí, má tá croí agat. Mar, má deireann tú go bhfuil cogadh go maith, gan trácht ar an t-uafás dochar a dhéanann sé, ní féidir liom a thuiscint cá bhfuil an croí, ná réasún ar bith, ansin. Ó, agus nuair a thosnaíonn duine le 'Ní maith liom bheith i mo bheachtóir', de gnáth ciallaíonn sé a mhalairt. Ba mhaith liom a rá go gcreidim thú ach léigh mé do bhlog. Tá rud amháin an-spéisiúil dom maidir leis an nGaeilge. Thug mé faoi deara go minic go bhfuil treo níos tabhachtaí ná am. Is cuma cé comh tapaidh is atá tú ag dul, a Shéamais, má tá tú ag dul sa treo mícheart. 'Cinnte go bhfuil botúin sa teanga anseo agam, ach tá rud éigin tábhachtach le rá agam anseo agus tá súil agam go dtuigfidh tú é. Níor úsáid mé an foclóir ach tá mé ag scríobh ó chroí. Tá sé tábhactach dom tacaíocht a thabhairt do mhuintir Iraq atá ag fulaingt gan ghuth ar bith acu. Níl mé ag dul ag tabairt tacaíocht ar bith do dhaoine a thugann tacaíocht do dhúnmharú (an masse) na daoine sin, is cuma cén teanga a úsáideann siad. De gnáth is fearr liom bheith macánta le daoine. Ach nuair a bhriseann duine rialacha chomh daingean sin go bhfuil siad ag tabhairt tacaíocht do dhúnmharú, le bheith múinte, caithfidh mé a rá go bhfuil tú chomh fada as bealach anseo go bhfuil tú ar strae. Ná tóg daoine eile leat. Le meas don teanga, don saol, don síocháin, Caitríona |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 471 Registered: 11-2004

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 03:11 pm: |     |
Tá áthas orm bualadh leatsa, freisin. Níl an t-ábhar seo oiriúnach don chlár plé seo. Seo mo fhreagra ghinearálta, ámh, mura bhfuil sé léite agat cheana: http://caomhach.blogspot.com/2006/09/argumentum-ad-nauseum.html Tá ceachtanna eile go leor an an mblag más é mo thuairim atá uait. Más a bheith ag seanmóireacht atá uait, mar a dúirt, níl an áit seo oiriúnach di. Is mó áit a scriosadh lena leithéid ar an idirlíon, na liostaí a luaigh mé san áireamh. Ná déan amhlaidh anseo. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 472 Registered: 11-2004

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 03:43 pm: |     |
freagra ginearálta (f.) |
|
   
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 269 Registered: 12-2005
| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 04:03 pm: |     |
Tá mo chuid ráite agam agus seasann sé. Slán, a Shéamais. Caitríona |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 474 Registered: 11-2004

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 04:41 pm: |     |
Sin fáth eile go mbíonn daoine ag caint faoin ngramadach, seachas aon ábhar eile... |
|
   
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2233 Registered: 02-2005

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 09:04 pm: |     |
quote:Sin fáth eile go mbíonn daoine ag caint faoin ngramadach Úf. Tá gnéithe eile den teanga seo atá sábhailte go leor. Úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, amhráin, scéalta grinn (uaireanta!) agus tomhaiseanna (!!!), mar shampla, agus ár cuid beathaisnéisí féin. Ach táim sásta éisteacht lena a lán eile, chúns a phléitear i nGaeilge é. |
|
   
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2234 Registered: 02-2005

| Posted on Tuesday, January 09, 2007 - 09:12 pm: |     |
quote:Tá an Road Runner agam... Aon seans go mbeifeá sásta grianghraf díot féin a chur ar ais arís? Is breá liomsa aghaidheanna daoine a fheiceáil anseo. Bíonn guth ar bith níos daonna domsa má tá íomhá le ceangal leis i m'intinn. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 475 Registered: 11-2004

| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 09:22 am: |     |
Seans. Ní mór dom ceann nua a chur in eagair. Níl féasóg ná croiméal orm le déanaí. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 476 Registered: 11-2004

| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 10:38 pm: |     |
Féach! Nach bhfuilim go hálainn! Cheap mé ar cheann nua a dhéanamh agus mé ag ithe libh Éireannaigh, ach shocraigh mé ar an gceann seo, ionas nach gcuirfinn scanradh ar éinne... Bhíodh an ceann seo http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta/mise.htm agam le tamall, an cuimhin leat? Níor thaitin sé le Liz, ámh. |
|
   
Caitrionasbcglobalnet
Member Username: Caitrionasbcglobalnet
Post Number: 273 Registered: 12-2005
| Posted on Wednesday, January 10, 2007 - 10:48 pm: |     |
Cén fáth nach bhfuil ionadh orm? Caitríona |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 477 Registered: 11-2004

| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 09:10 am: |     |
Ionas nach mbíonn a fhios agat nuair a bhíonn daoine ag magadh fút. |
|
   
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2249 Registered: 02-2005

| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:31 am: |     |
quote:Ionas nach mbíonn... "le nach mbíonn..."?? " Cionn is nach mbíonn" a bhí ar intinn agat is dócha. Maidir leis an ngrianghraf, molaim an make-up artist (duine an dreachta? an dreachadóir??)! |
|
   
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4682 Registered: 08-2004

| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:34 am: |     |
|
|
   
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2251 Registered: 02-2005

| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:43 am: |     |
GRMA, a Aonghuis. Focal deas gonta. |
|
   
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 480 Registered: 11-2004

| Posted on Thursday, January 11, 2007 - 11:52 am: |     |
Is fíor duit go bhfuil an focal mícheart agam. 'Mar' a bhí uaim, agus cheap mé (le fada) gur cosúil lena chéile iad 'ionas' agus 'mar.' Ach tuigim anois go bhfuil cuspóir ag 'ionas.' Bhí mise i mo smideoir an uair sin. |
|