Author |
Message |
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 09, 2006 - 09:46 am: | |
A chairde: Fuair me an teachtaireacht seo an mhaidin seo. Paul AIFREANN NA GAEILGE I NUA-EABHRAC AR LÁ FHÉILE PÁDRAIG 2006 Beidh an tAthair Mícheál Ó Sé ag léamh Aifrinn Gaeilge ar a 10 r.n., Lá 'le Pádraig, 17 de Mhárta, in eaglais Naomh Agnéis atá suite i 143 E. 43rd St., idir Lexington is Third. Do bhreis eolais, teagmhaigh le hAnna Megan ag 212-682-5722. Má tá Gaeilge líofa agat, cuir Gaeilge ar Anna. Tá gá do léitheoirí agus d'amhránaithe. |
|
Eibhlín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, March 12, 2006 - 07:41 pm: | |
A Phoil, a chroi Ta amhranaithe agus leirtheoiri ann anois. Ta suil agam go mbeidh tu ann linn. Beannachtai na Feile |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 326 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 13, 2006 - 02:57 pm: | |
Beidh mise ann, le cúnamh Dé. Beidh Cumann Carad na Gaeilge sa mhórshiúl i mbliana. Is fáda an lá ó bhíomar. |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 14, 2006 - 02:25 pm: | |
A Eibhlín, a stór, Beidh mé ann, le cúnamh Dé. Tá mé ag tnúth go mór leis. Slán beo, Paul |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 332 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 01:22 pm: | |
Agus bhí! Tá Pól ina shuí taobh le Hilary ag an Aifreann - féach an scannáinín - agus beidh sé le cloisteáil ar an bpodchraoladh sul i bhfad, freisin. Nach raibh an tAifreann go breá! |
|
Eibhlín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 20, 2006 - 09:26 pm: | |
A Shéamais, a chara, Bhí an tAifreann go hálainn. Chuir sé gliondar ar mo chroí an eaglais lán le daoine a fheiceáil agus an méid daoine ann le Gaeilge líofa acu! GRMMA as a bheith páirteach linn. Bhí sé deas bualadh leat agus Gerry. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 339 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 21, 2006 - 09:55 am: | |
Agus leatsa agus le Tomás agus gach Gaeilgeoir eile a bhí i láthair. Beir bua! |
|