Author |
Message |
James C. Kelly
| Posted on Wednesday, February 04, 2004 - 11:00 am: |
|
Does anyone know or recollect the Gaelic version of The Spider and the Fly. It went something like: Sé dúbhart tú an ?????(Spider) le ??????? (fly) trá Go raibh maith aguibh |
|
Elinor
| Posted on Saturday, February 07, 2004 - 11:24 am: |
|
An Damhan Alla agus an Mhíoltóg 'Sé dúirt damhán alla le míoltóigín lá: 'Ó! Tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá: Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach, Tá ithe 'gus ól ann - nach dtiocfá isteach?' Dúirt an créatúr mícheillí ag féachaint isteach: 'Is tú croí na féile, is breá é do theach: Ach deirtear go mbíonn tú ag ithe 's ag ól Míoltóigíní mar mise, idir fhuil agus fheoil.' Dúirt an damhan alla - is é a bhí glic, 'Is bréag mhór, dar m'anam, an scéal sin, a mhic: Tá caoireoil, tá mairteoil, tá bainne anseo, Is an té a bheadh marbh dhéanfaidís beo.' Bhí an créatúirín meallta le comhrá mar sin, Dúirt sé, "Tá mé sásta, mar tá tú chomh binn; Ach ní fhanfaidh mé fada.' Chuaigh sé isteach, Ach níor chuala mé fós gur tháinig amach. Le Dúghlas De hÍde (1860-1949) |
|
|