| 14 |
Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart,
ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte. |
| |
(Better a poor man strong and robust, than a rich man with a wasted frame.) |
| 15 |
Is fearr sláinte agus neart ná ór ar bith,
agus colainn dhochaite ná maoin gan áireamh. |
| |
(More precious than gold is health and well-being, contentment of spirit than coral.) |
| 16 |
Is fearr sláinte choirp ná saibhreas ar bith,
agus ní sháraíonn aon aoibhneas an croí suairc. |
| |
(No treasure greater than a healthy body; no happiness, than a joyful heart!) |
| 17 |
Is fearr an bás ná saol dona,
agus suaimhneas síoraí ná breoiteacht bhuan. |
| |
(Preferable is death to a bitter life, unending sleep to constant illness.) |
| 18 |
Is cuma nithe maithe a chaitheamh le béal iata,
nó ofrálacha bia a fhágáil ar uaigh. |
| |
(Dainties set before one who cannot eat are like offerings placed before a tomb.) |
| 19 |
Cén tairbhe d’íol ofráil torthaí?
níl cumas ite ná bolaithe aige;
is mar sin don té ar a luíonn an Tiarna. |
| |
(What good is an offering to an idol that can neither taste or smell.) |
| 20 |
Faigheann sé lán a shúl, agus bíonn ag cneadaíl
dála an choillteáin a bhíonn ag cneadaíl agus é ag breith barróige ar mhaighdean. |
| |
(So it is with the afflicted man who groans at the good things his eyes behold.) |
| 21 |
Ná tabhair thú féin suas don bhrón
agus ná bí do do chiapadh féin d’aonghnó. |
| |
(Do not give in to sadness, torment not yourself with brooding;) |
| 22 |
Maireann an duine ar aoibhneas croí,
agus is fad saoil dó an t-áthas. |
| |
(Gladness of heart is the very life of man, cheerfulness prolongs his days.) |
| 23 |
Cuir lúcháir ar d’aigne agus tabhair sólás do do chroí;
cuir an ruaig i bhfad uait ar an mbrón,
mar is iomaí duine a scrios an brón,
agus ní aon tairbhe é d’aon duine. |
| |
(Distract yourself, renew your courage, drive resentment far away from you; For worry has brought death to many, nor is there aught to be gained from resentment.) |
| 24 |
Ciorraíonn an t-éad agus an fhearg saol duine,
agus déanann imní an tseanaois a bhrostú. |
| |
(Envy and anger shorten one's life, worry brings on premature old age.) |
| 25 |
Fear croí éadroim agus fear croí mhóir,
beidh [rian a choda] air. |
| |
(One who is cheerful and gay while at table benefits from his food.) |