Arán Sóide

2 cupán phlúr 3 spúnóg boird siúcra
1/4 taespúnóg salann 1/2 cupán rísíní
1/4 taespúnóg sóid aráin 1 cupán bláthach
1 1/2 taespúnóg púdar aráin 2 spúnóg boird im

Leáigh an t-im.
Criathraigh na cómhábhair thirime agus na rísíní i mbabhla mór.
Déan log sa lár agus cúir dóthain bláthaí agus an t-im leis le taos bog a dhéanamh.
Oibrigh go sciobtha agus fuin an taos go héadrom le do lámha ar losaid plúraithe.
Déan cáca cruinn agus cuir ar leathán bácála é a bhfuil croitheadh beag plúir air.
Gearr cros ar a bharr le scian phlúraithe.
Cuir isteach é san oigheann téite (350 ).
Fág ansin é 30 – 45 nóiméad.
Nuair a bheidh sé bruite, beidh fuaim tholl leis má bhuaileann tú an bun le do mhéar.

Císte Pórtair

1 1/4 cupán pórtair 4 cupán phlúir
8 onsa ime 1/2 taespúnóg sóid aráin
3 ubh 1 1/2 cupán siúcra donn
2 taespúnóg spíosraí measctha 1 cupán rísíní
1 cupán sabhdánaigh 1 cupán cuiríní
1/2 cupán silíní craiceann grátáilte 1 oráistí

Leáigh an t-im agus an siúcra sa phórtar i sáspan.
Cuir na torthaí agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad, ag corraigh go minic.
Lig dó fuarú an meascán.
Criathraigh an plúr, an tsóid aráin, na spíosraí agus an craiceann oráistí i mbabhla mór.
Cuir an meascán toraidh leis sin.
Buail na huibheacha agus measc isteach iad le spúnóg adhmaid.
Doirt an meascán isteach i stán 9 orlach cruinn.
Bácáil ar sheilf láir oighinn théite (350 ) ar feadh 1 1/2 uair.
Nuair a bheidh sé réidh, sáigh bior isteach cúpla am agus doirt 4 spúnóg bóird ar bharr.