Dóchas linn Naomh Pádraig
Aspal mór na hÉireann,
Ainm oirearc gléigeal
Solas mór an tsaoil é.
D’fhill le soiscéal grá dúinn
D’ainneoin blianta i ngéibheann.
Grá mór Mhac na páirte,
D’fhuascail cách ón daorbhruid.

Sléibhte, gleannta máighe
‘S bailte mór na hÉireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn,
Míle glóir dár naomh dhil.
Iarrmaid ort, a Phádraig,
Guí orainne Gaela,
Dia linn lá ‘gus oíche
‘S Pádraig Aspal Éireann