Aimsir Ghnáth Caite – Briathra Rialta
Habitual Past Tense- Regular Verbs
Réimniú
Conjugation
Samplaí
Examples
A 2 D’athraíodh Lúcas a chuid éadaí gach bliain. Lúcas used to change his clothes every year.

Ní athraíodh sé… An athraíodh sé…? Nach n-athraíodh sé…?
B 1 Bhuaileadh Seán a chat agus seisean ar meisce. Seán used to beat his cat when he was drunk.

Ní bhuaileadh sé… An mbuaileadh sé…? Nach mbuaileadh sé…?
C 2 Chodlaíodh sé mar a bheadh rón ann. He used to sleep like a log (Literally, like a ‘seal’).

Ní chodlaíodh sé… An gcodlaíodh sé…? Nach gcodlaíodh sé…?
D 2 Dhúisíteá taibhsí le do srannach. You used to awaken ghosts with your snoring.

Ní dhúisíteá… An ndúisíteá…? Nach ndúisíteá…?
E 2 D’éirínn leis na héin. I used to rise with the lark.

Ní éirínn… An éirínn…? Nach n-éirínn…?
F 1 D’fhágaidís bronntanais cois na tine. They used to leave presents beside the fire.

Ní fhágaidís… An bhfágaidís…? Nach bhfágaidís…?
G 1 Ghlanadh Pádraigín a haghaidh le héadach. Pádraigín used to clean her face with a cloth.

Ní ghlanadh sí… An nglanadh sí…? Nach nglanadh sí…?
I 2 D’insíodh sí scéal maith, roimh an timpiste. She used to tell a good story, before the accident.

Ní insíodh sí… An insíodh sí…? Nach n-insíodh sí…?
L 2 Labhraíteá amach go hard ar son na hÉireann. You used to speak out loudly for Ireland’s sake.

Ní labhraíteá… An labhraíteá…? Nach labhraíteá…?
M 2 Mharaídís iad fhéin ag obair. They use to kill themselves working.

Ní mharaídís… An maraídís …? Nach maraídís …?
N 1 Niteá soithí as uisce salach chuile lá. You used to wash dishes in dirty water every day.

Ní niteá… An niteá…? Nach niteá…?
O 1 D’ólainn pionta beorach gach oíche. I used to drink a pint of beer every night.

Ní ólainn… An ólainn…? Nach n-ólainn…?
P 1 Phósadh daoine go hóg ar an oileán fadó. People used to marry young on the island long ago.

Ní phósadh daoine… An bpósadh daoine…? Nach bpósadh daoine…?
R 1 Rithteá timpeall na háite cosnochta. You used to run around the place barefoot.

Ní rithteá… An rithteá…? Nach rithteá…?
S1 1 Sheasadh Máirín ar leathchos sa bpairc. Máirín used to stand on one foot in the field.

Ní sheasadh sí… An seasadh sí…? Nach seasadh sí…?
S2 1 Shroichidís an baile roimh titim na hoíche. They used to reach home before nightfall.

Ní shroichidís… An sroichidís…? Nach sroichidís…?
S3 2 Smaoinínn go raibh an Ghaeilge furasta a fhoghlaim. I used to think that Irish was easy to learn.

Ní smaoinínn… An smaoinínn…? Nach smaoinínn…?
T 1 Thaispeánadh sibh gliomaigh don uaisle. You (plural) used to show lobsters to the nobility.

Ní thaispeánadh sibh… An dtaispeánadh sibh…? Nach dtaispeánadh sibh…?
U 2 D’ullmhaíodh Síle drámaí beaga don stáitse. Síle used to prepare little plays for the stage.

Ní ullmhaíodh sí… An ullmhaíodh sí … Nach n-ullmhaíodh sí …?