Le Barra Ó Donnabháin

Ní fheadar a’ bhfuil aon rud is mó a chuireann isteach ar lucht foghlama na Gaeilge ná an séimhiú. Táim-se anois chun cur síos gairid ar stair agus ar fháth an tséimhithe a thabhairt dhaoibh.

Sé atá i gceist le séimhiú ná lagú nó séimhiú a chuaidh ar chonsain aonair nuair a thárla idir gutaí iad. Faoi láthair, cuirtear an séimhiú in iúl tré ‘h’ a scríobh i ndiaidh an chonsain agus fuaimítear an consan agus an ‘h’ le chéile mar aon chonsan amháin agus é análaithe. Cé go dtárlaíonn an saghas seo claochluithe, i lár focal, i ngach teanga nách mór, is sna teangacha ceilteacha amháin a thárlaíonn sé i dtosach focal.

Laidin

Béarla

Gaeilge

Fraincis

Pater

father

athair

pere

Laidin

Gaeilge

Laidin

Gaeilge

Iodálais

Sagitta

Saighead

Imago

íomháigh

casa / la chasa

An tAlt mar a samhlaítear é:

UATHA

Firinscneach

Baininscneach

Neodrach

Ainmneach

Sindas

Sinda

San

Cuspúireach

Sindan

Sindan

San

Geinideach

Sind

Sindas

Sindi

Tabhrach

Sindu

Sinda

Sindu


IOLRA   

Firinscneach

Baininscneach

Neodrach

Ainmneach

Sindi

Sindas

Sindas

Cuspúireach

Sindas

Sindas

Sindas

Geinideach

Sindan

Sindan

Sindan

Tabhrach

Sindaib

Sindaib

Sindaib


Sampla: Ceann an fhir mhóir. An fhir mhóir > sindi werí márí.

An t-athair > sindas athair.

Ó thárla go raibh an ‘S’ sa bhfocal sindas idir gutaí cuireadh séimhiú air. ‘S’ séimhithe = h. Bhain an ‘h’ an glór de “d” agus rinne consan neaghlórach — “t” de. Ansan cailleadh an chéad ‘s’ i Sindas agus fágadh “int athair” (an t-athair).

“Is í aibitír an oghaim an chéad ghléas (dá bhfuil ar eolas againn) a bhí ag na Sean-Ghaeil lena dteanga a bhreacadh síos i bhfoirm scríofa,” deir Anders Ahlqvist, Litriú na Gaeilge, (Caibidil 1, Stair na Gaeilge). Baineann na clocha oghaim leis an dtréimse 400-700 AD. Níl na scoláirí ar aon intinn ina dtaobh. Ní raibh aon chomhartha acu chun séimhiú a chur in iúl ach tógaimís sampla amháin den Oghamchraobh mar léiriú ar ársaíocht na teangan. DALAGNI MAQI DALI. Dá mbeadh an t-ainm sin ar uaigh inniu is mar seo a scriobhfaí é —- Dalláin Mheic Dhaill. Féach, tá séimhiú ar an ‘m’ agus an ‘d’ toisc go mbídís idir gutaí sa chian aimsir.

Tógaimís cúpla sampla eile. Tabhair faoi ndeara sa Nua-Ghaeilge nách bhfuil aon séimhiú ar ainm ná aidiacht i gcás “an fear buí” agus tá séimhiú ar an dá “b” i gcás “an bhean bhuí“. De réir na saineolaithe is ó sindas wiros bodios a eascraíonn an chéad shampla agus ó sinda bena bodia an tarna ceann. Forainm taispeántach a bhíodh san alt ar dtús, ar nós ille, illa, illud na Laidine óna dtagann na hailt, le agus la, na dteangan rómánsacha.

“Forbairt mhór eile (teacht na críostaíochta an chéad cheann) ba ea é gur tosaíodh ar an nGaeilge a scríobh. Ní fios cad a thug an spreagadh dár gcéadscríbhneoirí mar ní raibh an teanga á scríobh ag aon chine eile in iarthar na hEorpa ag an am” —- Pádraig ó Fiannachta, Milis an Teanga. Bhaineadar úsáid as aibítir na Laidine ach bhí faidhbeanna acu conus na claochluithe tosaigh a chur in iúl.

Bhí ‘h’ i ndiaidh ‘c’, ‘p’, agus ‘t’ nádurtha sa Laidin agus baineadh úsáid as chun ‘c’, ‘p’, agus ‘t’ seimhithe a chur in iúl. Bhí ponc an scriosta nó an punctum delens acu sa Laidin chun litir a chur ar ceal. D’fhéadfadh Rómánach botún a dhéanamh chomh maith le cách agus ó bhí páipéar gann bhíodh sé de nós acu ponc a chur ós cionn na litreach lena cur ar ceal. Bhain na Sean-Ghaeil úsáid as an gcóras seo chun ‘s’ agus ‘f’ séimhithe a léiriú.

I ré na Meán Ghaeilge tosaíodh ar fheidhm a bhaint as an bponc ós cionn na gconsan inshéimhithe eile. Faoin am sin bhí an ‘h’ a ghabh le ‘c’, ‘p’, agus ‘t’ á scríobh ós cionn na litreacha sin agus ba ghearr gur cuireadh ponc in ionad an ‘h’, de ghrá na símplíochta is dóca. Mhair an córas sin, an cló Gaelach, go dtí caogaidí na haoise seo. Tá an cló rómhánach againn ó shoin i leith —- ‘h’ in ionad an tséimhithe. Ach mar deir Fiannachta, “Is léir go bhfuil an cló Gaelach agus an cló rómhánach ar aon dúchasach againn ar shlite difriúla.”

Anois, nuair a chastar séimhiú ort ar an tsráid, bain díot do chaipín agus beannaigh dó, mar is iarsmaí ársa é.

Rialacha

I. Séimhiú ar ainmfhocail:

Séimhítear túschonsan an ainmfhocail taréis an ailt mura d, t, s, an consan —

1 San Ainmneach uatha baininscneach. An bhean, an chasóg, an ghé;

2 Sa Ghinideach uatha firinscneach. Hata an fhir. Ceann an chapaill.

3 Sa Tabharthach uatha fir. & bain. taréis den, don agus sa. don fhear, den bhean, sa chathair

4 Sa Tabharthach uatha i gCúige Uladh f. & b.. ar an fhear, ag an bhean.

5 Sa Ghairmeach uatha agus iolra taréis “a”. A fhir, a fheara, a mhná. Bíonn séimhiú ar thúschonsain ainmfhocail i ndiaidh Aidiachtaí áirithe

6 Na huimhreacha, aon, agus chéad, (mura d, t, s, an túschonsan); taréis “dhá” muna mbíonn a baininscneach, nó a iolra, ár, nó bhur roimh an “dhá”; taréis trí, ceithre, cúig, sé, más é an t-uatha a leanann iad. trí bhróg , aon chat amháin, ualach aon chapaill amháin, (i gcaitheamh na haon oíche.) a dhá bó = her two cows. a dhá bhó = his two cows. an chéad chailín. ( an chéad fhear, clann an chéad fhir, an chéad bhean, clann na chéad mhná. Samplaí eile: mac an dara bean, tosach an triú haois, peaca in aghaidh an triú haithne, teach an tseisear sagart.)

7 Taréis na n-aidiachtaí sealbhacha mo, do, a, firinscneach, a pheann, mo chóta.

8 Taréis uile nó chuile (gach uile). chuile dhuine.

9 I ndiaidh an réamhfhocail shimplí: ar*, de, do, faoi, fé, gan*, idir*, mar, ó, roimh, thar, trí, um — agus a<do rud a (do) dhéanamh. Samplaí: do Sheán, ó dhuine, roimh mhaidin, um thráthnóna. Ní leanann séimhiú ag, as, chuig, go, i, le, os, seachas.

10 Shíolraigh “ar” na Nua- Ghaeilge ó thrí réamhfhocal, ar, for, agus iar. Leanadh séimhiú ar agus urú “iar” = taréis, agus ní leanadh tada “for”. Leanann séimhiú “ar” más ionad áirithe atá i gceist — ar chathaoir, ar Sheán. Más ionad ginearálta abairtí dobhriathartha – atá i gceist ní bhíonn aon séimhiú taréis ar. Samplaí: ar farraige, ar muir, ar talamh, ar bord luinge = on board ship, ar bhord luinge = on a ship’s table. Ní leanann séimhiú “ar” nuair is modh atá i gceist — nuair is stáid atá á chur i gcéill. Is ó “for” na Sean-Ghaeilge an réamhfhocal seo. Samplaí: ar buile, ar ceal, ar sodar, ar cosa in airde, ar fónamh, ar meisce, ar crochadh. Ní bhíonn aon séimhiú ann nuair is am a bhíonn i gceist: ar ball, ar maidin.

11 Leanann an Tuiseal Cuspóireach gan agus de ghnáth, cuirtear séimhiú ar thúschonsan an ainmfhocail aonair a leanann é mura t,d,f,s an consan. Samplaí: gan bhun gan bharr, gan mhaith gan bhréag, gan chiall, gan fearg gan fíoch, (ní éisceacht gan fhios mar is “gan a fhios” atá ann). Má bhíonn aidiacht nó fochlásal ag gabháil leis ní leanan séimhiú é. Samplaí: gan pingin rua, gan brí ar bith, gan buíochas dó, gan pingin a fháil.

12 Tá dhá chiall le idir: a. dhá rud le chéile; b. i lár dhá rud. Leanann an Tuiseal Tabharthach idir = an dá rud le chéile agus séimhítear túschonsain an dá fhocal. Samplaí: idir bheag agus mhór, idir fhuil agus fheoil, idir bhuachaillí agus chailíní. Nuair spás nó am a bhíonn i gceist leanann an Tuiseal Cuspóireach idir agus ní leanann séimhiú é. Samplaí: idir Corcaigh agus Port láirge, idir mé agus tú, idir breith agus baisteadh.

13 Séimhítear ainmfhocal cinnte agus ainmfhocal dílis i ndiaidh réamhfhocail chomhshuite agus ainmfhocail eile: os comhair Shíle, in aici Chorcaí, i láthair fhear a’ tí, ar agaidh dhoras an halla amach, cóta Shéamais, asal Pháid, scoil Mháire, scoil Ghaeilge, doras shiopa an bhúistéara, foireann Dhoire, mac fhear na mbróg. Sa tsean aimsir ní bíodh séimhiú ar ainmfhocal dílis ach taréis fhocal baininscneacha: Pota Pádraigh, Coileach Mártain.

14 Séimhítear an dara focal de chomhfhocal: seanfhear, deathoil.

15 I ndiaidh aimsir chaite agus modh coinníollach na copaile, ba, ar, gur, níor, nár: ba cathaoir mhór í, níor bhád beag í.

16 Séimhítear ainmfhocal sa ginideach a bhíonn ag brath ar ainmfhocal baininscneach uatha, nó ar ainmfhocal iolra a chriochnaíonn i gconsan caol, nó ar ainmfhocal firinscneach atá sa ghairmeach uatha: cloch mhine, fir cheoil, goirt choirce, cráin mhuice, maidin gheimhridh, a dhuine ghaoil, a fhir cheoil agus ceann amháin sa ghinideach iolra clann mhac. Arís, de ghnáth, ní séimhítear d, t, s, i ndiaidh d, n, t, l, s. Cos deiridh, slat tomhais, bean tí, báid seoil.

Eisceachtaí.

1 Ní leanann séimhiú ainmfhocal teibí de ghnáth: aois capaill, airde fir, uaisleacht meoin, breáthacht mná.

2 Ní leanann séimhiú ainmfhocal a bhfuil brí — cuid, easpa, iomarca leis: easpa bainne, breis bainne, iomarca cainte, roinnt blianta, díth céille, a chuid bia.

3 Ní bhíonn séimhiú de ghnáth ar ainmfhocal sa ghinideach go mbíonn aidiacht ag gabháil leis taréis ainmfhocail bhaininscnigh: oíche gaoithe móire, scian coise báine.

4 Ní ghabhann séimhiú le ball beatha ná le páirt de rud: adharc bó, lámh cailín, iall bróige, súil buachalla, stiúir báid, cos boird, . Bíonn séimhiú ámh nuair a thugann an ginideach le fios cad is ábhar an ruda: culaith bhréidín, tine ghuail, cos mhaide nó cos chrainn = cos adhmaid, cos crainn = bun crainn, cois cuain, cois cnoic, cois farraige.

5 Ní gnáth séimhiú nuair is ainmní nó gníomhaí an ginideach: géimneach bó, íde béil, léim capaill, coiscéim coiligh, beannacht máthar.

6 Ní chuirtear séimhiú ar thúschonsan ainmfhocail éiginnte i ndiaidh réamhfhocail chomhshuite: go ceann míosa, ar feadh bliana, (ach taréis bháis).

II. An Aidiacht.

Bíonn séimhiú ar thúschonsan aidiachta:

1 San ainmneach uatha baininscneach an bhean bheag.

2 Sa ghinideach uatha firinscneach: ceann an chapaill mhóir. Hata an fhir bhig.

3 Sa ghairmeach uatha gach inscne: a fhir mhóir, a bhean mhaith.

4 San ainmneach agus tabharthach iolra má chríochníonn an t-ainmfhocal ar chonsan caol: na fir mhóra, na cnoic bheaga, na scamaill dhubha. éisceachcaoirigh beaga bána ( Go minic nuair is aidiacht a bhíonn i gceist séimhítear d, t agus s i ndiaidh d,n,t,l,s.)

5 Má ghabhann uimhir 2-19 leis an ainmfhocal san uimhir uatha, séimhítear an aidiacht: dá asal mhóra, trí chat bhána, seacht mbád bheaga, cúig bhó breacha, luach ocht mbó mhóra. ( ach seacht mba móra).

6 I ndiaidh beirt: beirt bhan mhóra, beirt fhear bheaga, neart bheirt fhear mhóra, neart na beirte fear mhóra. ( i ndiaidh triúr, ceathrar 7rl. bíonn an aidiacht san uimhir uatha gan séimhiú — an triúr ban mór, an triúr fear mór)

7 Séimhítear “déag” taréis dó, taréis ainmfhocal uatha a chríochnaíonn i nguta, agus ainmfhocal iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol (ach amháin “cinn”): trí bhó dhéag, sé mhí dhéag.

8 I ndiaidh aimsir chaite agus modh coinníollach na copaile ba, ar, gur, níor, nár; ba mhór an rud é, níor mhaith dom é.

III. An Briathar.

Séimhítear túschonsan an briathar:

1 San aimsir chaite, sa ghnáthchaite, sa mhodh coinníollach. Chaith sé, théadh sí, dhéanfadh sibh.

2 I ndiaidh ní, níor, ar, nár, cár, má: níor chaith sé é, ar dhíol sibh an bhó? má bhí.

3 I ndiaidh an fhorainm choibhneasta “a” san ainmneach agus cuspóireach: an duine a bhíonn anso, an fear a dhíolann prátaí.

4 I ndiaidh na míreanna seo leanas: cad, cathain, cé , cén uair, céard, conas, mar, nuair, ó: cé bhí ann? mar a dhéanann siad, ó thárla anso tú.