Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Translation for Book Title - Bean na Ciotóige
Posted: 10 March 2018 05:24 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  15
Joined  2013-09-05

Táim chun leabhar bleachtaireachta a cheannach go luath darb ainm ‘Bean na Ciotóige’. Bhíos ag smaoineamh liom féin cad atá i gceist leis an teideal ‘Bean na Ciotóige’ - an gciallann sé ‘The Left-handed Woman’? Níl mé chomh cumasach leis an dTuiseal Ginideach dála an scéil.

Profile
 
Posted: 12 March 2018 04:20 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  417
Joined  2011-10-27

Is dóigh gur bean atá pósta ar fhear ciotógach (místuama) atá i gceist. Nó seans go bhfuil sí tugtha don dornálaíocht agus buille na ciotóige thar a bheith láidir aici? Tá an chuma ar an scéal go gcaithfidh tú an leabhar a léamh lena fháil amach ... smile

Profile