Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Ceardlann na Múinteoirí: 18 - 19 Feabhra 2018 in Esopus, Nua-Eabhrac
Posted: 23 January 2018 10:01 PM   Ignore ]  
Administrator
Avatar
Rank
Total Posts:  57
Joined  2009-02-14

Ceardlann na MúinteoirÍ
18 - 19 Feabhra 2018


Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge, agus beidh Ceardlann na Múinteoirí 2018 ar 18 - 19 Feabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá an-áthas orainn i mbliana go mbeidh Rachael Nic Pháidín mar stiúrthóir againn, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright.

Bhain Rachael a Baitsiléir Ealaíon Idirnáisiúnta sa Cheol agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus Ollscoil British Columbia i 2008. Thosaigh sí ag obair mar mhúinteoir Ghaeilge i nGaillimh ansin agus d’fhan sí ann ar feadh 5 bliana. Tar éis bliain amháin a chaith sí i gCeanada mar chinnire grúpa, chuaigh sí ar ais go hÉireann agus lean sí ag múineadh na Gaeilge arís. I 2017 bhain Rachael a Máistreacht san Oideachas Speisialta amach ón Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath fad a bhí sí ag múineadh na Gaeilge ag an am céanna.

Is múinteoir piano freisin í agus baineann Rachael taitneamh as seoltóireact, sciáil, snámh, rothaíocht, rith agus taisteal chomh maith.

Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil i SIOPA Dhaltaí tríd an nasc seo:  http://www.daltai.com/shop/

Signature 

Tír gan teanga, tír gan anam.

Profile