Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Cuidiú ag teastáil le liricí
Posted: 03 August 2016 01:10 AM   Ignore ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  692
Joined  2012-04-22

An mbeadh duine agaibh in ann cabhrú liom le liricí an amhráin seo? Níl mo chluas róghéar (le hamhráin i gcoitinne, caithfidh mé a rá).  Is iad na bearnaí nach bhfuil cliú agam futhu. Is iad na focail idir lúibíní a bhfuil barúil agam futhu ach nílim cinnte. Chuile sheans go bhfuil mícheart glan agam maidir leis an gcuid eile comh maith wink


https://www.youtube.com/watch?v=RDjXahe607A


Amhrán an Imirce (cé go gceapfainn gurbh é “na hImirce” ba chóir a bheith ann wink


“ó nach é ___ mé (uisce faoi) ó d’fhág mé an baile
tá (leathchéad) bliain (bailithe) ó d’fhág mé an trá bhán
chuile cheann (in easnamh) is bróga breá (tairní)
diabhal stopadh ná casadh nó _______
chaith mé dé sathairn ag ól píosa (deasa?)
is ina dhiaidh sin ag damhsa is ________
ní raibh tada ann ach ______ (corrthroid) go _____
is chuile mhac (mhór) ann a d’fhág (inár dtír)
dé luain ag an station ó (startáil) ______
ag (cartadh)_______________________
bhí ________________ (breá) (a fhios againn)
______ againn ar maidin _________
san oíche dé haoine is na pócaí breá líonta
bhíodh deoch againn sa (mbrighton) (ón) (station hotel)
thíos ag na (seanmná) ________
ag cuartú bean óg a fháil le bualadh (faoin saol)
bhí halla ____ ag _____ is é líonta le (paddys)
(as daingean) ________ gaoth dobhair
bhí _____ (ann) as _____ aníos as cill daire
á spreagadh na (lámha) ________ (na ngaoth)
ach d’imigh na blianta (is stop) na (paddys) ag seoladh
tá an buachaill ó ____ an (raibh sé) faoin bhfód
ní chloisfinn aon ghaeilge thíos ag an station
tá an ceol ______ thíos ann an halla ________
ach anois táim liom féin is na blianta mo chéasadh
is gan agam ach an caoineadh go (seicfinn) ______
nach ____ mo chroí bheith ag déanamh ar an mbaile
siar an bóthar _______ cois farraige is trá
nach minic a dúirt mé go mb’fhearr liom sa mbaile
ag piocadh ____ (faochan) nó ag baint feamainn bhuí
_______ dé sathair ag déanamh (corrcaper)
le cailín as ________ nó aniar as ________
ach ní fheicim aon _____ anois os cionn (caoga)
tá an ghealach ag scalladh ar chroc is (ar an mbóthar)
(ná an) _______ nó capall ná ___________
ag _____ na gaoithe ___ síos ____________”

 

Go raibh maith agaibh as pé cabhair a mbeidh sibh in ann a thabhairt dom!

Profile
 
Posted: 06 September 2016 04:22 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  12
Joined  2014-05-17

A Héilics, a chara,

Chuir mé féin cuid de na focail le seo, agus rinne cara liom as Conamara, atá ina amhránaí, an chuid eile a chuir leis. Níl sé ina iomláine go fóill ach gheobhaidh mé na focail atá in easnamh amach anseo.

Seinnfidh mé seo duit ar mo chlár raidió “Rogha Bhríde” ar an Aoine beag seo. Munar féidir leat a bheith ag éisteacht leis beo, beidh podchraoladh ar fáil ar feadh seachtaine ina dhiaidh ar an leathanach seo:
http://flirtfm.ie/shows/rogha-bhride

Beir bua agus beannacht, agus bain sult as a bheith ag ceol!
Bríd

Ó nach é ’ d’imigh sciopaidh, ó d’fhág mé an baile
tá leathchéad bliain bailithe ó d’fhág mé an Trá Bhán
___________________ is bróga breá tairní
diabhail stopadh ná casadh nó (go raibh muid) istigh i gCamdon town,
chaith muid Dé Sathairn ag ól thíos sa gCastle,
is ina dhiaidh sin ag damhsa sa mBuffalo
ní raibh tada ann ach Gaeilge cabhar troid agus sathrú*,
is chuile mhac mhór ann a d’fhág an áit thiar.

Dé Luain ag an station gheobhfeá an start ann ó Lowry,
ag cartadh amach poill ann ar thrí phunt sa ló,
bhí mac Pháraic Pheaitín ina “ghanger” breá éasca againn
bheadh “steak” againn ar maidin agus pionta ag ám lóin
san oíche Dé hAoine is na pócaí breá líonta
bhíodh deoch againn sa mBrighton nó sa Station Hotel
thíos ag an Shamrock, an Gresham nó an Galtee
ag cuartú bean óg a fháil le bualadh faoin saol

Bhí Holloway Road ann is é líonta le Paddys
as Daingean Uí Chuais is Gaeltacht Ghaoth Dobhair
bhí fir ann as Acaill ‘s aníos as Cill Daire
a raibh spreac’ ina láimh ‘gus grean ina gcroí,
ach d’imigh na blianta is stop na Paddys ag seoladh
tá an Bufallo dúnta ann is an nGresham faoin bhfód
ní chloisfeá aon Ghaeilge thíos ag an station
tá an ceol ísligh síos ann i Holloway Road

Ach anois táim liom féin is na blianta mo chéasadh
is gan agam ach an caoineadh gus’ seicín an’ dole’
nach d’tabharfainn mo chroí bheith ag déanamh ar an mbaile
siar ’ Bóthar na hAille cois farraige is trá
nach minic a dúirt mé go mb’fhearr liom (‘bheith) sa mbaile
ag piocadh slád faochain nó ag baint fheamainn bhuí
Tigh Darby Dé Sathairn ag déanamh corrchaper
le cailín as Camus nó aniar as Tír an Fhia

Ach ní fheicim _________ chaoin anois os cionn chaoga
tá an ghealach ag scalladh ar chnoc Leitir Móir
ná báid Jimmy Pheaitín an Capall ná an Tonaí
ag toirneáil na gaoithe ann síos Cuan an Fhir Mhóir”

Signature 

“Rogha Bhríde” - Clár nua raidió ag teacht as cathair na Gaillimhe, curtha i láthair i nGaeilge - ceol traidisiúnta, ceol domhanda, agus cúpla píosa randamacha. Podchraoladh ar fáil. Seol iarratas chugam tré rphost!

A new radio programme presented in Irish - mostly trad and world music with a few surprises here and there. Click on the Mixcloud Feed to hear a podcast. Send in a request by email!

Profile
 
Posted: 06 September 2016 09:04 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  692
Joined  2012-04-22

Míle buíochas leat!  Níl a fhios agam cen chaoi nár éirigh liom cuid acu a thuiscint, ach is cinnte tá cuid acu nach dtuigfinn go deo dá n-éisteoinn na céadta uair leis wink  Beidh mé ag éisteacht le do chlár! 

Ádh mór ort agus go raibh maith agat arís

Profile
 
Posted: 09 September 2016 12:58 PM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  12
Joined  2014-05-17

Maith thú féin!

Signature 

“Rogha Bhríde” - Clár nua raidió ag teacht as cathair na Gaillimhe, curtha i láthair i nGaeilge - ceol traidisiúnta, ceol domhanda, agus cúpla píosa randamacha. Podchraoladh ar fáil. Seol iarratas chugam tré rphost!

A new radio programme presented in Irish - mostly trad and world music with a few surprises here and there. Click on the Mixcloud Feed to hear a podcast. Send in a request by email!

Profile
 
Posted: 11 November 2016 04:17 PM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  12
Joined  2014-05-17

A Héílics, a chairde uilig ar an suíomh Daltaí na Gaeilge,

Tá iarratas spéisialta ar mo chlár anseo díobh: is féidir libh éisteacht leis go dti meanoíche anocht (GMT) ag an nasc seo:

http://flirtfm.ie/shows/rogha-bhride

Tá sibh luaite agam ag tús an chlár agus arís tar éís an 3ú amhrán.

Beir bua agus beannacht as Gaillimh,
Bríd “Rogha Bhríde” Ní Mhaoileoin

Signature 

“Rogha Bhríde” - Clár nua raidió ag teacht as cathair na Gaillimhe, curtha i láthair i nGaeilge - ceol traidisiúnta, ceol domhanda, agus cúpla píosa randamacha. Podchraoladh ar fáil. Seol iarratas chugam tré rphost!

A new radio programme presented in Irish - mostly trad and world music with a few surprises here and there. Click on the Mixcloud Feed to hear a podcast. Send in a request by email!

Profile