Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Seachtain na Gaeilge, 16 - 22 Lúnasa 2015
Posted: 21 July 2015 09:09 AM   Ignore ]  
Administrator
Avatar
Rank
Total Posts:  48
Joined  2009-02-14

Seachtain na Gaeilge
16 - 22 Lúnasa 2015

Seachtain níos luaithe ná mar is iondúil !!!


Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain Gaeilge idir 16 - 22 Lúnasa in Esopus, Nua-Eabhrac. I mbliana beidh Sinéad Ní Uallacháin linn mar mhúinteoir le haghaidh na daoine atá an-líofa.
 
Is láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í le blianta anuas. Mar shampla, is léiritheoir an chláir Sinéad ar Maidin í, clár ceoil agus amhrán a craoltar ó Luan go hAoine. Soláthraíonn sí mír na siamsaíochta don gclár Cormac ag a Cúig, gach Aoine, dialann shóisialta ar imeachtaí na seachtaine. Agus thar na blianta d’oibrigh Sinéad mar láithreoir/léiritheoir ar: Thall ‘s Abhus, clár cainte agus siamsaíochta, agus ar na cláracha ceoil seo a leanas: Ceol Beo an tSathairn, Spleodar an tSathairn, Binneas Béil, agus Geantraí Cheoil.

Tá súil againn go mbeidh tú in ann teacht. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil anseo:  http://www.daltai.com/events/

Signature 

Tír gan teanga, tír gan anam.

Profile