Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
úsaid an ailt
Posted: 25 April 2014 09:25 AM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  2
Joined  2011-12-25

“Is ball de chuid an phanda í duilleog” ach

“Is ball de chuid planda soithíoch í duilleog”  nó  “Is ball de chuid an phlanda soithíoch í duilleog”? Sílim nach n-úsáidtear an t-alt sa chás so? an bhfuil an cheart agam?

GRMA.

Profile
 
Posted: 25 April 2014 11:21 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

B’fhéidir “Is ball de chuid an phlanda shoithíoch í an duilleog”?

Déarfainn féin nach féidir an t-alt a fhágáil ar lár anseo, mar “saighdiúir de chuid na Fraince” srl a deirtear.

Profile
 
Posted: 25 April 2014 03:55 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  69
Joined  2011-10-27

Aontaím le hOnuvanja. Má úsáidtear “de chuid”, caithfidh an t-alt a bheith ann.

Profile
 
Posted: 25 April 2014 04:04 PM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  49
Joined  2013-04-28

Is dócha go dtiocfadh leat a rá ’ball de phlanda….’
Ach sílim go gcuireann ‘de chuid’ rud cinnteach in iúl. Ar an ábhar sin ba chóir go mbeadh an t-alt ann. Ach ní seo ach barúil do mo chuid féin!

Seo ceist shuimiúil

Signature 

Is maol guala gan deartháir

Profile
 
Posted: 26 April 2014 12:26 PM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  182
Joined  2012-01-05

An dteastaíonn “de chuid” ar aon chor? “Ball de phlanda soithíoch í an duilleog…”

Profile