Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Comhad fuaime, Corca Dhuibhne
Posted: 04 November 2013 06:04 AM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  8
Joined  2013-10-21

Mar eolas, comhad fuaime aneas anseo: http://www.beo.ie/alt-dara-o-cinneide.aspx

Profile
 
Posted: 08 November 2013 02:17 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  5
Joined  2013-09-07

A Sheosaimh, nil baint ar bith ag seo leis an eolas a sheol tú ach tá mé i bponc agus mé ag iarraidh aistriúcháin ar an gceist seo thíos muna mhiste leat.
” How would you address the needs of pupils of varying abilities in a multigrade setting?”

Profile
 
Posted: 08 November 2013 08:40 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  8
Joined  2013-10-21

”How would you address the needs of pupils of varying abilities in a multigrade setting?”
Tá cuma cheist agallaimh do phost meánscoile ar an abairt a Heather agus ní múinteoir meánscoile mé ach tabharfaidh mé faoi.  Is dócha go bhfuil téarma ‘ilghrád’ agaibh ach ar son na simplíochta:

1. Conas a dhéanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais atá ar ghrádanna éagsúla? 

2. Conas a láimhseálfá riachtanais daltaí atá ilchumasach agus atá ar ghrádanna éagsúla?

Ar son na simplíochta:

3. Conas a déanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais, agus abair go bhfuil na daltaí seo ar ghrádanna éagsúla?

4. Conas a déanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais, agus abair gur daltaí iad atá ar ghrádanna éagsúla?

(Is beag liom an focal ‘suíomh’ ach más maith leat féin é, bain feidhm as. Is focal coitianta ‘nua’-Ghaeilge é agus tuigfidh an t-iarratasóir láithreach é.)

5. Conas a dhéanfá freastal ar ....
Cén chaoi a ndéanfá freastal ....
Cén freastal a dhéanfá ar
Cén cineál freastail a dhéanfá

6. Conas a dtabharfá faoi fhreastal ar riachtanais

Go n-éirí sin leat is libh.

Profile