Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Teachtaireacht Nollag 2011, ón Uachtarán, Michael D. Higgins
Posted: 21 December 2011 09:03 AM   Ignore ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

http://www.president.ie/index.php?section=1&lang=ire


Blas de chuid fhéin aige!

Profile
 
Posted: 21 December 2011 11:40 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

GRMA as an nasc, a Aonghuis!

Nach breá an óráid atá ann agus, go deimhin, nach breá an Ghaeilge atá ag an Uachtarán.

Nollaig shona dhaoibh uilig!

Profile
 
Posted: 21 December 2011 09:15 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Caint dheas ach… (tá mé buartha ach níl neart agam air) tá cuid mhaith meancógaí fuaimníochta ann, go háiríd na ch-annaí, fuaimneann sé mar “c” iad chóir a bheith achan uair. Ach tá r-annaí deasa aige cuid mhaith don am. smile

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 22 December 2011 03:17 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Tá foghraíocht ar leith ag Michael D, cuma cén teanga a labhraíonn sé. (Faighim deacair é éisteacht leis an feadh níos faide ná cúpla nóiméad mé féin)

Profile
 
Posted: 22 December 2011 11:12 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Ná bígí chomh crua sin! B’fhéidir nach é an guth is binne atá aige, ach is duine nádurtha é agus is féidir leat thu féin a shamhlú ag comhrá leis agus sibhse ag plé cúrsaí an tsaoil.

Cheap mé féin gur blas Muimhneach a bhí aige agus é sách dílis do rialacha na canúna (‘raidhint’ in áit ‘roinnt’ agus ‘abhann’ in áit ‘ann’, srl).

Profile
 
Posted: 22 December 2011 02:15 PM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Blas measctha do chanuinti éagsula ata aige + blas an Bhéarla.

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 23 December 2011 03:48 PM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  44
Joined  2011-10-30

An ndúirt sé rud ar bith a spreagfadh chun dóchais muid?  Táimid uilig in ísle brí anseo in Éirinn agus údaráis eachtracha airgeadais ag síor-éileamh aisíochtaí orainn ar fhiacha nach linn.  Cá hionadh an t-aos óg a bheith meallta ag an Astráil.  Cad a deir ár nUachtarán faoi sin?

Profile