Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Feirm bhradán i gCuan na Gaillimhe
Posted: 07 August 2013 07:59 AM   Ignore ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Baineadh siar asam nuair a léigh mé ar shuíomh idirlín an BBC go bhfuil sé ar intinn ag Bord Iascaigh Mara feirm bhradán a thógáil i gCuan na Gaillimhe, go díreach in aice le hOileáin Árann. An bhfuil an plean ‘úd curtha i bhfeidhm acu cheana agus céard a cheaptar faoi i measc an phobail?

Is é an chéad smaoineamh a rith liom gur mór an truaí go bhfuiltear sásta ceann de na háiteacha is deise ar domhain a scriosadh mar gheall ar an éileamh mór atá ar bhradán i dtíortha na hÁise. Deirtear go mbeifear in ann 500 post nua a chur ar fáil do mhuintir na háite, ach an mar sin é? Seans gurb ón taobh amuigh den Ghaeltacht a thiocfadh formhór na n-oibrithe i ndáiríre, rud a chuirfeadh an teanga faoi bhrú chomh maith.

Profile
 
Posted: 07 August 2013 10:37 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Tá an scéal ag dul ar aghaidh le tamaill; agus tá an pobal scoilte.

Cloisim píosa faoi ar RnaG ó am go chéile.

http://www.bim.ie/our-work/projects/todhchaiinbhuanaithedophobailoileanaguschostanaheireann/anfheirmbradainorganachatabeartaithedochuannagaillimhe/

Profile
 
Posted: 07 August 2013 11:56 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

GRMA, a Aonghuis. Seo é an t-alt a léigh mé féin ar shuíomh an BBC.
http://www.bbc.co.uk/news/world-europe-23550159

Is dócha go bhfuil an dá thaobh ar an scéal. Ach an ndearna Bord Iascaigh Mhara scrúdú géar ar an dochar a d’fhéadfadh a leithéide de thionscal a dhéanamh don timpeallacht nó an raibh siad meallta ag an airgead mór atá i gceist? I ndeireadh na dála, ba chóir go mbeadh muintir na háite sásta sula rachaidis ar aghaidh.

Profile