Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Cabhair de dhíth orm le haistriúchán
Posted: 05 August 2013 09:01 AM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  3
Joined  2013-08-04

Dia dhaoibh uilig. Táim ag aistriú scéal a bhailigh an Coimisiún Béaloideas Éireann ó athair athar mo sheanathar sna tríochaidí. Tá cabhair de dhíth orm le haistriú dhá abairte an scéil seo. Tá cúpla focal ann a litríodh mar a fhuaimníodh iad is cosúil.


Achoimre an scéil go dtí  na habairtí seo:
Tháinig neach ag fear a d’inis dó dá rachadh sé chuig an droichead seo agus trí lá a chaitheamh air go bhfaigheadh sé a shaibhreas. Chuaigh agus bhuail sé le fear ar an droichead a d’inis dó gur tháinig neach aigesean freisin agus go bhfaigheadh seisean a shaibhreas dá rachadh sé go dtí teach eicínt.


Sliocht den scéal. Ar dtús mar atá ar an tras-scríbhinn agus mo iarracht é a aistriú go Gaeilge caighdeánach thar a héis agus Béarla ar deireadh.


An dara fear ag labhairt:


”Ó well, tuigim (tigim),” ars an fear. “Á, a ḋuine gan ċéill!” ar seisean, “tá sé cúig ná sé go ḃlianta ó ṡoin,” ar seisean, “ó ṫainic neaċ ugum-sa-
ḋá mbéinn ag teaċ Ṁac Ṁaicín i n-Iorrus go ḃfúiġinn mo ṡaiḃreas (ṡevras) ag bun crainn ḃí ar taoḃ (tuíú) eile gon teaċ. Agus ní ṫeaċa mé aríú
ar a* lorg,” ar seisean, “⁊ tá mé barúlaċ go mb’ḟéidir gur b’é an rud céanna d’éireóċú duit-se.”

“Ó bhuel, tuigim,” arsa an fear. “Á, a dhuine gan chéill!” ar seisean, “tá sé cúig nó sé go bhlianta ó shin,” ar seisean, “ó tháinig neach agamsa- dá mbeinn ag teach Mhac Mhaicín in Iorras go fhaighinn mo shaibhreas ag bun crainn a bhí ar an taobh eile don teach. Agus (ní dheachaigh/ní fhaca/ní thiocfadh) mé riamh ar a lorg,” ar seisean, “agus tá mé barúlach gurbh fhéidir gurbh é an rud céanna a d’éireodh duitse.”

“Oh, I understand,” said the man. “Oh, have some sense!” said he, “Five or six years ago I had a premonition that if I were to go to the house of McMacken In Erris, I would find my fortune at the base of a tree at the back of the house, but I never (went searching for it)/(saw a sign of it).” he said, “and it’s my opinion that it (was/would be)  possible that it (was/would be) the same thing that (would/could) happen to you.”

 

“Agus ní ṫeaċa mé aríú ar a* lorg”

Tá amhras orm faoin aistriúchán: “ní theacha” -> “ní dheachaigh”.

Tá fuaimeanna cosúila ag “ní thiocfadh” agus “ní fhaca”. An bhfuil sé ag rá nár chuardaigh sé é nó nach raibh sé in ann é a aimsiú?

 

“...tá mé barúlach gurbh fhéidir gurbh é an rud céanna a d’éireodh duitse.”

An raibh sé ag rá gur rudaí coitianta na haislingí seo agus gan bac leo,

nó ag rá gur cheap sé go ndéanfadh an chéad fhear an rud céanna a rinne sé féin agus neamhaird a dhéanamh ar an neach

nó gur cheap sé go dtarlódh an rud céanna don chéad fhear mar a tharla dó féin dá rachadh sé á lorg agus nach bhféadfadh sé é a aimsiú?

 

Míle buíochas as aon chabhair.

Profile
 
Posted: 05 August 2013 01:38 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  182
Joined  2012-01-05

Tá an leagan sin den fhréimh, .i. {teacha(igh)}, ann. Tá samplaí de sa gcorpas. Cf. freisin “cha dteachaigh” (= “ní dheachaigh”) ⁊rl. i nGaeilge Thír Chonaill…

Profile
 
Posted: 05 August 2013 02:23 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  3
Joined  2013-08-04

Go raibh maith agat. Táim sásta leis sin. Aon tuairim faoin dara ceann?

Profile
 
Posted: 06 August 2013 09:46 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27
ruairí - 05 August 2013 09:01 AM

... cheap sé go dtarlódh an rud céanna don chéad fhear mar a tharla dó féin dá rachadh sé á lorg agus nach bhféadfadh sé é a aimsiú?

Sin é an chaoi a dtuigfinn féin é, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm.

Maidir leis an gcuid eile den scéal, d’fhéadfá “(taobh eile) den teach” a scríobh in áit “don teach”, má tá tú ag iarraidh a bheith caighdeánach. smile

Tá cuma spéisiúil ar an scéal ó thaobh na canúna de. Don chuid is mó, tá sé cosúil le Gaeilge Chonamara, ach ag an am céanna, tá foirmeacha ann ar nós “d’éireodhadh”.

Profile
 
Posted: 06 August 2013 10:10 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Más buan mo chuimhne, sé pointe an scéil ná gurbh é an fear a bhfuil sé ag labhairt leis fear an tí ina bhfuil an taisce?

Profile
 
Posted: 19 August 2013 12:50 PM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  3
Joined  2013-08-04

Dia dhuit a Onuvanja. Cheapfainn an rud céanna ach táim cinte anois nach
ndeachaigh an dara fear ar a lorg. Shocraigh mé ar “I think it
could be the the same thing that happened to you
” mar aistriúchán ar deireadh
thiar, ach tá sé sách amscaí agus doiléir.

 

Go raibh maith agat as ucht an ceartúchán. Níor mhothaigh mé an ceann sin.
Is é an fáth ar mhian liom an scéal seo a aistriú ná gur iarr
m’athar orm póstaer a dhéanamh as le haghaidh
cruinniú i gContae Maigh Eo a eagraíodh mar chuid den Gathering.
Mar sin, bhí orm Gaeilge caighdeánach a úsáid ionas go mbeadh sé níos éasca le daoine ann é a léamh.

 

Ba as Baile Chruaich i gContae Maigh Eo an scéalaí.
Tháinig slua mór Gael ó Thír Chonnaill ann i 1654.
Bhí an-tionchair ag Gaeilge Uladh ar an gcanúint is dócha.
Is ó Thír Chonnaill atá beagnach gach sloinne sa cheantar fós.
Ba as Conamara an bailitheoir a bhailigh an scéal i 1938.
Ní dóigh liom go raibh an litriú caighdeánach go hiomlán ar an bhfód thart ar an am sin.
B’fhéidir gur litrigh sé na focail ar an chaoi a raibh sé cleachtach air ach
nílim ach ag tomhas.

 

Is fíor duit, a Aonghuis. Sin an rud a tharla.

Profile
 
Posted: 21 August 2013 03:45 AM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

An-spéisiúil! Go raibh maith agat as an eolas sin, a Ruairí.

Profile
 
Posted: 21 August 2013 06:19 AM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  21
Joined  2011-10-26

A Ruairí, cá bhfuil conaí ort féin?

Mír de Ghaeilge (nó Gaeilg) Bhaile Chruaich le cluinsint anseo, má atá suim agaibh ann:

http://www.bealbeo.ie/ediphone/931_cuan_modh.html

Profile