Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Logainm suimiúil i Séadna
Posted: 19 December 2011 08:37 AM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  13
Joined  2011-10-26

Tá Séadna á léamh agam faoi láthair (fós!). Tugann an t-údar cur síos ar imeacht a bhaineann le Cormac nuair bhí sé ag taistil abhaile ón gcathair agus é ag dul trí áit darb ainm ‘Droichead na dTruip Sí’. Cé nach bhfuil sé go hiomlán soiléir ón dtéacs, is cosúil go bhfuil an chuid is mó den leabhar bunaithe i gceantar Lios Carragáin - an áit ina rugadh an t-údar. Mar sin tá seans maith gurb é An Druipseach - Dripsey i mBéarla - an áit atá i gceist sa chur síos seo. Sráidbhaile beag is ea An Druipseach ar an seanbhóthar idir Corcaigh agus Maigh Chromtha. An bhfuil an logainm seo ‘Droichead na dTruip Sí’ cloiste ag éinne riamh? Níl aon tagairt dó ar logainm.ie.

Profile
 
Posted: 19 December 2011 09:15 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  9
Joined  2011-12-03

Leagan oifigiúil = Droichead na Druipsí

http://www.logainm.ie/129510.aspx

Profile
 
Posted: 19 December 2011 03:26 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Agus má léann tú an méid atá sna nótaí (taifead scanáilte) deirtear
Ní ḃaineann an t-ainm ó ċeart aċ leis an aḃann

Gan tagairt ar bith don Sí.

Profile
 
Posted: 21 December 2011 04:33 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  13
Joined  2011-10-26

GRMA. Mar sin, an dóigh libh gurb é An Druipseach atá i gceist sa leabhar?

Profile
 
Posted: 21 December 2011 09:01 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

N’fheadar! Ach is dócha é. Blas sanasaíocht phobail air an leagan úd.

Profile
 
   
 
 
‹‹ éisd / cloin, clois      cuir suas an leanbh ››