Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
An Gael
Posted: 31 May 2013 09:02 AM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  6
Joined  2013-05-17

Is fada ann lá nach bhfuilim ar an gclár plé seo, agus seans nach bhfuil a fhios agat cé mise.  Maraon leis an obair a dhéanaim ag http://www.scoilgaeilge.org (agus araile), is eagarthóir ar An Gael mé.  Irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge sin:  http://angaelmagazine.com/

Mura bhfuil aithne agat ar an iris, seans go mbeadh ionadh ort go bhfuil a leithéid ann, a foilsítear lasmuigh d’Éirinn.  Bíonn léitheoirí (agus scríbhneoirí) nua uainn i gcónaí!  Seo liosta na ndaoine a scríobh dúinn go fóill:  http://angaelmagazine.com/inneacs/udair_liosta.asp

Táimid ar Facebook anois (http://www.facebook.com/AnGaelIrisleabharIdirnaisiuntaNaGaeilge), freisin, má tá suim agat in a leithéid.  Beidh eagrán nua ar fáil faoi cheann tamaill bhig, le cúnamh Dé.  Bíonn gach eagrán (tá 16 eile) ar fáil i gcónaí, i gcló nó mar leagan digiteach.

Slán agus beannacht,

Séamas

Profile
 
Posted: 25 July 2013 09:15 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  6
Joined  2013-05-17

Tá scéal nua agam maidir leis An Gael:  tá gacheagrán ar fáil saor in aisce mar pdf (nó leagan digiteach eile)!
Gach eolas faoin iris anseo http://www.angaelmagazine.com fós.
Gach eagrán ar fáil mar leagan digiteach anseo: angael.magcloud.com
Is fearr i gcló é, dar ndóigh, agus bíonn sé ar fáil uainn mar sin (agus ó litriocht.com, freisin).

Séamas

Profile
 
Posted: 25 July 2013 10:48 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  17
Joined  2011-10-27

An-suimiúil ar fad! Beidh orm iad go léir a fháil. Ní dhéanaim mo dhóthan léitheoireachta Gaeilge na laethanta seo ar chor ar bith.

Profile
 
Posted: 26 July 2013 03:10 PM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  6
Joined  2013-05-17

Maith thú.  Bain sult astu.  Tá mórán ábhair léitheoireachta iontu!

Profile