Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Liadain/liadan/liadáin- cé acu is traidisiúntaí?!
Posted: 30 April 2013 02:35 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  10
Joined  2013-04-29

Tá cara liom Ag smaoineamh ar an ainm seo den a leanbh atá le teacht… An bhfuil fhios Ag éinne cé acu litriu is fearr?? Cheapas féin go mbeadh Liadain níos fearr… Grma

Profile
 
Posted: 03 May 2013 06:48 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Is é “Líadain” an litriú a bhaintear úsáid as sa mbunleagan atá curtha ar fáil ag Ollscoil Texas. Ach níl a fhios cén chaoi a mba chóir é a scríobh sa Nua-Ghaeilge, mar “liath” a scríobhtar, seachas “líath” sa lá atá inniu ann…
http://www.utexas.edu/cola/centers/lrc/eieol/iriol-5-X.html

Mé Líadain,
rocharussa Cuirithir:
is fírithir adfiadar.

•mé—independent personal pronoun; 1st person singular <mé> I—I
•Líadain—proper name feminine; nominative singular of <Líadain> Liadain—Liadain
•rocharussa—verb; 1st person singular perfect indicative active, conjunct, syntactically relative, of <caraid> loves + emphasizing particle 1st person singular <se, sa> I—I who have loved
•Cuirithir—proper name masculine; accusative singular of <Curithir, Cuirithir> Cuirithir—Cuirithir
•is—verb; 3rd person singular present indicative, absolute, of copula <is> is—it is
•fírithir—adjective; equative of <fír> true—true exactly as
•adfiadar—verb; present indicative impersonal singular, deuterotonic, of <ad°fét> tells, relates—it is told

Profile
 
Posted: 03 May 2013 07:12 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  10
Joined  2013-04-29

Go raibh míle Maith agat! Cheapas féin é sin mar dheineas blúirín beag staidéar ar an scéal sin.

Profile
 
Posted: 03 May 2013 07:56 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Ar aon nós, tá an chosúlacht ar an scéal nach mba cheart an síneadh fada a chur ar an “a” (Liadáin*), mar níl sé ann sa tSean-Ghaeilge. Ach, mar a deir mé, ní saineolaí mé.

Profile
 
Posted: 03 May 2013 10:18 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Líadain an litriù Sean-Ghaeilge, ach bì cùramach nò d’fhuaimneochthaì -d- mar “th” an Bhéarla (ins an fhocal “this”) eadar gutaì ag an am sin.
[ʎiaðənʲ] (lyee-ahthuhnn)

Dà scrìobhthaì Líadain le litriù an lae inniu agus leis an fhuaimniù mar a d’athraigh sè, scrìobhthaì “Liadhain”. Fuaimnithe “Lyee-uh-inn”, dar liom.

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 03 May 2013 11:39 AM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  10
Joined  2013-04-29

Mar sin ní ceart an fhuaim ‘d’/‘th’ a bheith ann in aon chor??

Profile
 
Posted: 03 May 2013 12:06 PM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Braitheann sé, an bhfuil tù ‘g iarraidh fuaimniù mar i Sean-Ghaeilg nò mar i Nua-Ghaeilg? grin

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 03 May 2013 01:34 PM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  10
Joined  2013-04-29

Chun na fírinne a rá is cuma liom chomh fada is atá an litriu I gceart agam! Bfhearr liom an fhuaim ‘d’/‘th’ i lár… Toisc go bhfuil sé níos fusa é a rá is dócha!!
Táim buíoch as do chuid comhairle!!

Profile
 
Posted: 03 May 2013 01:42 PM   Ignore ]   [ # 8 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Beidh tù ar an bheagàn daoinì a bhfuil ‘s acu goidè mar a fhuaimnithear an t-ainm sin grin
Nìl mòràn daoinì ‘tà àbalta Sean-Ghaeilg a fhuaimniù—fadhb chèarna leis na hainmneacha Sètanta agus Emer grin
“Sèadanta” agus “Eimhear” a scrìobhfaì inniu, leis an fhuaimniù chèarna agus sa tSean-Ghaeilg (t eadar 2 ghuta = d, m eadar 2 ghuta = mh)

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 03 May 2013 01:47 PM   Ignore ]   [ # 9 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  10
Joined  2013-04-29

Bhuel is mó rud nua atá foghlamtha agam inniu pé scéal é! GRMA

Profile