Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Scéal an Lae - Ceol na gCat
Posted: 08 April 2013 11:28 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  32
Joined  2013-03-04

Tá cúpla focal nár thuig mé sa scéal seo.  An bhfuil tú in ann camhrú?


https://www.youtube.com/watch?v=rEwKoD-Ziw0


1:00 _____________, arsa an Rí.


1:50 ...agus an cat ag __________ ar nós cuma liom.  [cur as?]


2:59 Bhí rí-rá, _____, agus ruaile buaile taobh amuigh!


GRMA!

Profile
 
Posted: 09 April 2013 11:03 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Haigh, a Sheáin!

Ceapaim gurb iad na focla atá i gceist.

1:00 - Go bhfóire Dia orainn! arsa an Rí.

1:50 “cur as” a chuala mise chomh maith.

2:59 - Bhí rí-rá, raic agus ruaile buaile taobh amuigh!

Profile
 
Posted: 09 April 2013 08:37 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  32
Joined  2013-03-04

Maith thú Onuvanja!  I do bharúil, cad is brí le “cur as” anseo?

Profile
 
Posted: 10 April 2013 03:38 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Maith thú féin, má d’éirigh leat an chuid eile den scéal a bhreacadh síos! Níl mé cinnte faoin “cur as”. Tá an leagan “cur as do (dhuine)” ann, ach ní ró-mhaith a thiocfadh sé leis an gciall a bhain mé amach, is é sin, gur lean an cat air ag clampar beag beann ar achainí an Rí. B’fhéidir go mbeadh freagra ag duine eicínt eile?

Profile
 
Posted: 10 April 2013 07:30 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Ón bhfoclóir beag:

http://potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=cur&GotoID=focloirbeag

 

cur as (díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)).

Profile
 
Posted: 10 April 2013 11:47 AM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  32
Joined  2013-03-04

Sílim go bhfuil an ceart agat, a Aonghuis.  GRMAbh beirt.

Profile