Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Mioscais na gCumar.
Posted: 24 March 2013 05:43 PM   Ignore ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  66
Joined  2012-02-01

Ar léigh éinne anso “Mioscais na gCumar”? Leabhar ‘sea é a chóirigh Máirtín Verling, an fear a scríobh “Leabhar Mhaidhc Dháith”. Tá béalóideas, scéalta, paidreacha agus amhráin ó Bhéarra bailithe ins an leabhar (is iad na scéalta is fearr liom ná na cinn mar gheall ar na púcaí). Ní raibh an-aithne agam ar chanúint Bhéarra sarar léas an leabhar, tá sí cosmhail le Gaelainn Oileán Chléire, im’ thuairim (ach ní saineolaí mise!). Tá dlúthdhíosca leis an leabhar go bhfuil trí thaifead déag de chainteoirí dúchaise air leis.

Profile
 
Posted: 24 March 2013 08:32 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  279
Joined  2011-10-27

Tá an leabhar san agam, ach níor léas í fós.


Ní féidir liom í á léamh toisc go bhfuil an leabhar san ana-dheacair agus níl mórán Gaolainne agam.  red face

Profile
 
Posted: 27 March 2013 05:08 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  66
Joined  2012-02-01
Carmanach - 24 March 2013 06:38 PM

Tá sé thuas ar an seilp anso agam ach níl oiread is leathanach do léite fós agam. An bhfuil aon mhaith ann?

Tá, gan amhras. Is breá liom leabhair de’n tsórd so, seanchas ósna canúintí a fuair bás ag deireadh na naoú haoise déag nó ag tosach ná fichiú haoise, agus tá na scéalta féin ana-shuimiúil, mholfainn na scéalta fésna teidil “Púcaí agus Sprideanna” agus “Ainmhithe Neamhshaolta”.

Profile
 
Posted: 30 April 2013 02:39 PM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  10
Joined  2013-04-29

Tá cuid de léite agamsa, sé m’athair a chóirigh é... Giotaí beaga suimiula ann! Tá an ghaelainn casta ach níos fusa ná cuid de na cinn eile a chóirigh sé!! Dheineas iarracht Gort Broc a léamh cúpla uair ach theip orm!

Profile
 
Posted: 04 June 2013 08:43 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  66
Joined  2012-02-01
Silini - 30 April 2013 02:39 PM

Tá cuid de léite agamsa, sé m’athair a chóirigh é

Ní foláir nó gur dhein sé a seacht ndícheall chun an mhéid sin a chóiriú!

Silini - 30 April 2013 02:39 PM

Giotaí beaga suimiula ann! Tá an ghaelainn casta ach níos fusa ná cuid de na cinn eile a chóirigh sé!! Dheineas iarracht Gort Broc a léamh cúpla uair ach theip orm!

Táim díreach tar éis a cheannaithe, toisc gur luaigh tusa agus Carmanach é, tá súil agam ná teipfidh orm é a léamh, leis!

Profile