Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
The music of what happens
Posted: 30 November 2011 05:38 AM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  28
Joined  2011-10-28

I read a book by this title cúpla bliain ó shin - the memoir of a Kerry priest.Just heard it on the radio as an album title.According to Fr.O Riordáin this was the favourite music of Fionn Mac Cumhail in some old tale.This is something a Sufi mystic or Hindu sage might have said,I thought!

What would the phrase be i nGaeilge? And where could one find the original material the charming story comes from?

Profile
 
Posted: 30 November 2011 06:13 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Is cuid de rann fiannaíochta é cinnte. Beidh orm dul sa tóir air.  Ní dóigh liom gur leagan focal ar fhocal atá sa rann.

Profile
 
Posted: 30 November 2011 12:46 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Chuaigh mé i gcomhairle leis na saoithe, agus fuair mé nod a thug anseo mé:

https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A2=ind0406&L=old-irish-l&D=0&F=P&P=5447

Níl rud díreach mar seo sa Ghaeilge.

Ach tá rudaí níos dírí ná é le ciall gaolmhar.

Profile
 
Posted: 01 December 2011 04:39 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  28
Joined  2011-10-28

Maith agat a Aonghuis.I lent the O Riordáin book do mo cara ach tá an rógaire iShasana anois,agus sin sin.

O ‘R thinks the quote is from Agallamh na Senórach if memory serves - and it rarely does these days!

Slán go foil.I will give Tales of the Elders a bash.

Profile
 
Posted: 01 December 2011 04:40 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Gheobhaidh tú rannta deasa ansin cinnte, ach caolseans go bhfaighidh tú díreach an nath a mhúnlaigh Stephens ann.

Profile
 
Posted: 01 December 2011 11:18 AM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Ní thuigim ach corr-rud anseo is ansiúd in Agallamh na Senórach agus é scríofa sa Meán-Ghaeilge, ach ní dóigh liom go bhfuil an nath sin ann… Rinne mé na focla “ceol”, “bind” (“binn”), “is ferr” (“is fearr”) a chuartú sa téacs, ach níor aimsigh mé tada.

Ab é an chaoi gur chum Stephens an scéal ar fad? Tá a leabhar seisean “Irish Fairy Tales” ar fáil ar líne más maith libh súil a chaitheamh uirthi:
http://www.readcentral.com/chapters/James-Stephens/Irish-Fairy-Tales/020

Profile
 
Posted: 01 December 2011 11:19 AM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Is cosúil gur chum sé an rann úd cinnte.

Profile
 
Posted: 01 December 2011 01:30 PM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  28
Joined  2011-10-28

Perhaps the story is from Boyhood deeds of Fionn and not Agallamh? But at any rate I have something to go on.Maith agaibh,tho it sounds more like Stephens was being a bit creative.
Will get back on this.

Profile
 
Posted: 01 December 2011 06:04 PM   Ignore ]   [ # 8 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Tá dán le roinnt véarsaí san Agallamh ar cuir síos ar na nithe uile ar thaitin le Fionn iad a chlos.

mar shampla:

Ceol re gcodlaḋ Fionn gan díṫ
laċain ó Loċ na dTrí gCaol
scaltarnaċ luin Ḋoire an Ċairn
is búiṫre an daiṁ ó Ġleann na gCaor

Tá tagairt san leabhair atá agam do Feis Tí Chonáin agus Fionn ag freagairt na ceiste seo freisin.

Profile
 
Posted: 01 December 2011 06:06 PM   Ignore ]   [ # 9 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

‘Indis dam-sa’ ar Conán ‘na ceódla & na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh.’ ‘Inneósat-sa sin duit,’ ar Finn.


265] ‘An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a n-aon-inadh & thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh & buailuit na gaoithe glan-fuara ar feadh na ccraindgal & doníd treathan is tormán etorro, is dona ceólaibh is binne {MS page 12} liom dá ccuala ariamh sin. Is
270] bind liom fós an tan easgurthur teach mór na

p.9
hAlmaine & tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn ‘gá ttógbháil an uair sin. Is bind liom fós fogur na bfaoilinn & coigedal na gcorr
275] & fuaim thuinderágha & comhrádh (firscarde) arscáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na gcuachadh ‘sa céatteamain & sceamgal na muc agamuigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh & nuallán sealga Doire Nouis & sgalguire loin Litreach Néid
280] & mungur na glais-sreab & aphrán trí n-ingean Bic mic Buain & aphrán trí mac Eathach. Is bind liom fós tond fá thír amach & asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán’ for Fionn.

http://www.ucc.ie/celt/published/G303010/

Profile
 
Posted: 02 December 2011 05:49 PM   Ignore ]   [ # 10 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Leagan ó na 1930í a chlúdaíonn cuid den sliocht san:

  “Innseosad-sa san duit,” arsa Fionn.
  “Nuair a bhídh seacht gcatha na gnáthféinne ar aon mháigh agus nuair a thógaid a crannghail ós a gcionn agus nuair a ghluaiseann an ghaoth glórach ghlanfuar tríotha agus thórsta, is róbhinn liom san. Agus nuair a leagtar na búird amach ‘san tigh fleidhe againn i nAlmhain, agus nuair dháilid na dáileamhain na cuirn caomhghlana do mhaithibh na Féinne, an bloscbhéim dobheirid ‘na dheire sin ag baint le bórdaibh na bruidhne, is róbhinn liom san.
  Is binn liom foghar faoileann ag coigeadail na gcorr agus fuaim toinne Tráighlí, agus abhrán Mac Meardha, agus fead Mhic Lughaidh, agus dórd Fearstaraidh, agus guth na cuaiche an chéad mhí de samhradh, agus nuaill na scol i nDoire.

Profile