Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
M’ainm as Gaeilge
Posted: 01 December 2012 11:27 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  5
Joined  2012-12-01

Dia dhaoibh,

Is mise Ciarán, seo é mo chéad foilsiúchán anseo, agus tá ceist agam daoibh. Is é mo shloinne Harper, agus ba mhaith liom Gaeilge a chur air. Tá a fhios agam nach ainm Gaelach ann ó thaobh sanasaíocht, agus an fhírinne a dhéanamh, nílim cinnte faoi cá háit ón a thagann sé, ach ba mhaith liom saghas aistriúcháin a bheith agam ar aon nós. B’fhéidir go mbeadh “Mac na Cruitire” nó “Mac na Cláirseora” ceart go leor? An bhfuil aisriúchán caighdeánach nó normalta ann?

Go raibh míle maith agaibh as bhur gcabhair!

Profile
 
Posted: 02 December 2012 09:14 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Tá na focail Cruitire agus Cláirseoir araon firinscneach

http://potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=cruitire&GotoID=focloirbeag

Mac an Chruitire
Mac an Chláirseora

Níl ceachtar cloiste agam, mar shloinne.

Profile
 
Posted: 02 December 2012 09:20 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Pléadh an cheist ar Gaeilge B fadó is cosúil

https://listserv.heanet.ie/lists/gaeilge-b/gaeilge-b.ind0805

(Deacair a léamh, ach ní bhfuair mé leagan níos fearr)

Profile
 
Posted: 02 December 2012 09:40 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  5
Joined  2012-12-01
aonghus - 02 December 2012 09:20 AM

Tá na focail Cruitire agus Cláirseoir araon firinscneach
http://potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=cruitire&GotoID=focloirbeag
Mac an Chruitire
Mac an Chláirseora
Níl ceachtar cloiste agam, mar shloinne.

Níl a fhios agam cén fáth a cheap mé gur baininscneach é.

aonghus - 02 December 2012 09:20 AM

Pléadh an cheist ar Gaeilge B fadó is cosúil

https://listserv.heanet.ie/lists/gaeilge-b/gaeilge-b.ind0805

(Deacair a léamh, ach ní bhfuair mé leagan níos fearr)

Go raibh míle! So, dar leis an nasc sin, is “le harpur” é an leagan is fearr? Nó an ceapann tú gurbh ait é mar sloinne nua-aimseartha? (dúirt sé gurbh ainm Normanch é a úsáidtear sa Meán-Ghaeilge, nach ndúirt?)

Profile
 
Posted: 02 December 2012 09:46 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Ní an leagan is fearr, ach (ceann de na) bunleagan.

Sloinnte Gairmiúla coitianta sna teangacha Gearmánacha.

Profile
 
Posted: 02 December 2012 10:11 AM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  5
Joined  2012-12-01
aonghus - 02 December 2012 09:46 AM

Ní an leagan is fearr, ach (ceann de na) bunleagan.

Sloinnte Gairmiúla coitianta sna teangacha Gearmánacha.

Harper? B’fhéidir gu bhfuil sé, ach tá stáir chasta ag an sloinne “Harper” in Éireann, dar leis an méid taighde atá déanta agam (ach, déanta na fíreanna, níl an iomarca déanta agam). Tá dhá shórt “Harper” le fáil, ceann amháin a thagann anseo leis na Normanaigh (“le Harpur”) agus ceann eile a thagann ó hAlbain (is dóigh le linn na Phlandálacha), agus sna cásanna sin, ba aistriúchán ó Gaeilge na hAlban an sloinne de cuid mór de na “Harpers”. Mar sin, b’fhéidir gur chóir dom ainm Gàidhlig a úsaid?

Profile
 
Posted: 02 December 2012 10:23 AM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

An ceann seo?

http://en.wikipedia.org/wiki/McWhirter

Profile
 
Posted: 02 December 2012 11:26 AM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  5
Joined  2012-12-01
aonghus - 02 December 2012 10:23 AM

An ceann seo?

http://en.wikipedia.org/wiki/McWhirter

Is deacair an rud é ná idirdhéalú a dhéanamh. Tá a lán foinsí den ainm “Harper” ann. Sa suíomh seo, mar shampla, deir sé gur sloinne Albanach agus Gearmánach é ( le foinsí difriúil, ar ndóigh), deir an ceann seo an rud céanna (maidir leis an ainm Albanach), agus deir an ceann seo gurb ainm Normanach nó Sacsanach é (aríst, le foinsí difriúil). Leis an ainm mar a tá sé in Éireann, creidim gurb é an rud is dóchúla ná gurb ainm Normanach nó Albanach é. B’fhéidir gur traslitriú “McWhirter” agus aistriúchán “Harper” den sloinne céanna?

Profile
 
Posted: 02 December 2012 11:30 AM   Ignore ]   [ # 8 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Ó tharla go raibh Cláirsí ar fud na háite, gach seans gur thosaigh an sloinne go neamhspleách in áiteanna éagsúla. Agus go raibh foirmeacha éagsúla ann.

Bhuail Dubhghlas de hÍde le fear tráth a thug Bird ar féin. Mac Con Aoire a bhí air ó cheart!

Mac Con Aoire > Canary > Bird!

Profile
 
Posted: 02 December 2012 11:49 AM   Ignore ]   [ # 9 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  5
Joined  2012-12-01
aonghus - 02 December 2012 11:30 AM

Ó tharla go raibh Cláirsí ar fud na háite, gach seans gur thosaigh an sloinne go neamhspleách in áiteanna éagsúla. Agus go raibh foirmeacha éagsúla ann.

Is í m’fhadhb í sin. Cén foinse atá ag mo shloinne-se?

aonghus - 02 December 2012 11:30 AM

Bhuail Dubhghlas de hÍde le fear tráth a thug Bird ar féin. Mac Con Aoire a bhí air ó cheart!

Mac Con Aoire > Canary > Bird!

grin

Profile