Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
1 of 2
1
Youtube and Oral Tradition
Posted: 20 November 2011 01:42 PM   Ignore ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  58
Joined  2011-10-28

I have subscribed to a channel on Youtube made by a Mr. Seán ÓBrien.  It is a very good channel for the language and I think you should check it out. 
http://www.youtube.com/user/SeanOBriain
Also, the latest video posted has me wondering to what extent the oral traditions are kept alive?  The great stories of old passed down by word of mouth.

Signature 

Tá mé ag foghlaim Gaeilge agus is maith liom í!

Profile
 
Posted: 20 November 2011 06:33 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  44
Joined  2011-10-30

Wonderful.  There is a book and CD (or cassettes?) of John Henry’s stories available.  I met him in Cill Ghallagáin a long time ago.  Dr Ó Catháin owns a house in the area.  Sadly all those rowing the currach that day have passed away.  Ní mór dúinne deifir a dhéanamh chun an teanga seo a fhoghlaim.

Profile
 
Posted: 21 November 2011 04:04 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Tá a leithéidí seo ann

http://bealoideas.com/

Agus an tOireachtas gan amhras.

Profile
 
Posted: 21 November 2011 07:34 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Also, the latest video posted has me wondering to what extent the oral traditions are kept alive?  The great stories of old passed down by word of mouth.

Not so sure they are passed down. I’m sure the seanchaithe would be happy to be recorded while telling all the stories they know, before they die. For instance, John Ghráinne. But I don’t think that work has been done and I wonder why, since there are people who are being paid for work like that in Ireland, as far as I know.
It’s quite frightening to think that all these stories may disappear tomorrow if the seanchaí dies. This oral tradition has been constantly passed down since the Iron Age at least, and it may disappear completely tomorrow! In ainm Dé, what are these people waiting for?

Same thing with their language. They know thousands of idioms and words used by older speakers, that even young native speakers don’t know nor use (nor understand, maybe). And who recorded them?

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 21 November 2011 10:46 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  44
Joined  2011-10-30

Attempts were made in the early days of the Irish Free State to find ways of recording the knowledge carried by older people.  One was “Bailiúchán na Scol” where sixth class pupils were given questionaires and asked to get their grand-parents to respond.  The results are stored and catalogued in Roinn Béaloideas Éireann in UCD.

Another idea was to get good Irish speakers to translate to Irish.  People of little knowledge nowadays mock the publishers An GÚM (The Scheme) for publishing translations from English not realising the purpose of the scheme.  These translations are still a valuable source of excellent Irish in all the dialects.  Many of the translators themselves went on to become competent creative writers.

Tá an ceart ag Lughaidh, áfach, tá an fomhar fairsing agus tá an t-am ag éirí giortach.

Profile
 
Posted: 21 November 2011 11:22 AM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Sé an rud nach leor an t-ábhar a bhailiú - caithfear é chuir i mbéal na ndaoine.

Tá seoda ag bailiú deannach i gcartlainn mar atá.

Profile
 
Posted: 21 November 2011 12:26 PM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  58
Joined  2011-10-28

Just giving more and more reasons to learn this language!  I want to learn these stories now haha!

Signature 

Tá mé ag foghlaim Gaeilge agus is maith liom í!

Profile
 
Posted: 21 November 2011 01:41 PM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  256
Joined  2011-10-26

If there are recordings out there already, these are defintely very valuable to the Gaeilge-speaking communities.

And speaking of stories…I bought not too long ago the book Oícheanta Sí and it has some lovely holliday short stories that I think express the older way of story-telling. It’s not orally told, but it is written in that fashion as if the story teller were talking to his/her audience.

Signature 

Canann an teanga seo i d’fhuil….

Profile
 
Posted: 21 November 2011 04:05 PM   Ignore ]   [ # 8 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  44
Joined  2011-10-30

caithfear é chuir i mbéal na ndaoine.

Theastódh seisear chun é sin a dhéanamh, a Aonghuis! Beirt ar na cosa, beirt eile ar na lámha, duine chun greim sróine a bhreith ar an íospartach go dtí go n-osclódh sé a bhéal, rud a ligfeadh duitse nó domsa an béaloideas a shacadh siar ina scórnach. cool smile

Profile
 
Posted: 21 November 2011 04:47 PM   Ignore ]   [ # 9 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Ta mé cinnte go bhfuil scéaltai ann nar taifeadadh go foill (go hairid leis na seanchaithe).
Agus b’fhearr stuif na scoltach a chur ar an idirlion, ionas go dtiocfadh le achan nduine éisteacht leofa… Muna bhfuil siad le failt ach i seamra do chuid UCD, ta mé cinnte, nach dtéid moran daoini a dh’éisteacht leofa, nuair ata cuid mhor daoini in aiteacha eile ar mhian leofa éisteacht leofa agus nach dtig leofa…

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 21 November 2011 06:05 PM   Ignore ]   [ # 10 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Go bhfios dom is scríofa atá bailiúchán na scoil, i. baineadh feidhm as páistí scoláire mar chnuasaitheoirí. Ní raibh trealamh ann an uair sin.  Tá leabhar nó dhó tagtha as an iarracht sin ach don mórchuid is i gcartlann atá an stuif sin ar fad.

Profile
 
Posted: 21 November 2011 06:12 PM   Ignore ]   [ # 11 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Sin an fhadhb, go direach.
Agus ina theannta sin b’fhearr na scéaltai a bheith taifeadta fosta, siocair go silim go bhfuil siad scriofai ins an chaighdean.
Rinneadh leabhar leis na scéaltai a scriobh paisti scoile pharoiste Ghaoth Dobhair (is é “Amach as ucht na sliabh” teideal na leabhaire) agus bhi siad ins an chaighdean don chuid is mo agus b’éigean don udar iad a scriobh arist i gcanuint na haite fa choinne ‘n fhoilsiuchain…
Da mbeadh siad taifeadta cha dtarlochadh sé... siocair nach labhrann muitir na Gaeltachta an caighdean…

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 21 November 2011 07:38 PM   Ignore ]   [ # 12 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  44
Joined  2011-10-30

Is í an fhadhb a fheicimse leis an mBéaloideas ná go mbaineann sé le saol atá imithe go huile is go hiomlán.  Cé a chreideann anois i síóga? I liombó? I dtaibhsí? In orthaí? Leigheasanna? Geasa?  An t-ádh agus an mí-adh. Cé a chreideann i Santy? I síog na bhfiacal? Sa dúileamh mór féasógach? Ní bheadh am agam dul sa tóir ar a leithéid. 

B’fhearr liomsa anc romham go dtí an saol (dearóil) atá ag bagairt orainn agus ar a dtarlóidh nuair nach mbeidh euro ag Angela Merkel féin le híoc as ár bpinsin agus go mbeidh meirg agus dusta ar an bpoll sa bhalla cheal úsáide.  Is í an cheist a bheidh ann feasta ná an chaoi le teacht ar uisce inóil agus an mbeidh an té ar leis an tobar ag iarraidh cúitimh as an uisce a thabhairt do dhaoine.  Is dócha go bhfillfimid ar nósanna ár sean agus comhar na gcomharsan a chleachtadh nó dul ag obair le chéile i meithil pro bono.  Is ag malartú a bheimid feasta cheal airgid.  Dá bhféadfaimis an Ghaeilge a chleachtadh feadh an ama bheadh tarrtháil éigin déanta.

Is maith ann iadd iarsmaí an tseanshaoil ach ní hionann iad agus Gaeilge bheo na nGaelscoileanna is Ghaeltachtaí an lae inniu.

Profile
 
Posted: 21 November 2011 08:10 PM   Ignore ]   [ # 13 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Is í an fhadhb a fheicimse leis an mBéaloideas ná go mbaineann sé le saol atá imithe go huile is go hiomlán.  Cé a chreideann anois i síóga? I liombó? I dtaibhsí? In orthaí? Leigheasanna? Geasa?  An t-ádh agus an mí-adh. Cé a chreideann i Santy? I síog na bhfiacal? Sa dúileamh mór féasógach? Ní bheadh am agam dul sa tóir ar a leithéid.

Is cuma cé acu a chreideas tú iontu nó nach gcreideann. Is cuid do chultúr na nGael é sin. Caithfear sin a choinneáilt.
Cibith, níl sé níos amaidí creidbheáil sna síógaí nó sa liombó nó sna taibhsí, ná creidbheáil go mbeidh níos mó áidh ort ar an Aoine 13ú do mhí ineacht nó go bhfuil ádh ort má fhaghann tú seamróg na gceithre nduilleog. Ná creidbheáil i nDia féin. Níl fianaise ar bith do na rudaí sine uilig cibith. Ach is cuma, caithfidh an Gael eolas a bheith aige air sin, siocair gur páirt iad sin do chultúr na tíre.

B’fhearr liomsa anc romham go dtí an saol (dearóil) atá ag bagairt orainn agus ar a dtarlóidh nuair nach mbeidh euro ag Angela Merkel féin le híoc as ár bpinsin agus go mbeidh meirg agus dusta ar an bpoll sa bhalla cheal úsáide.  Is í an cheist a bheidh ann feasta ná an chaoi le teacht ar uisce inóil agus an mbeidh an té ar leis an tobar ag iarraidh cúitimh as an uisce a thabhairt do dhaoine. 

muna bhfuil suim agad sa chultúr, agus muna bhfuil suim agad ach ins an eacnamaíocht agus ins na riachtanais bhunúsacha, tuighe a bhfuil suim agad sa Ghaeilg? Ní gá Gaeilg a labhairt le mairstint beo cibé ar bith.
Ach éist, in am an ghá, go díreach, cuideann an cultúr leat le saol níos deise a bheith agad. Muna bhfuil ar d’intinn ach fadhbannaí eacnamaíochta agus ganntas agus mar sin dó, is truaigh liom thú. Tá rudaí níos galánta ann.

Is maith ann iadd iarsmaí an tseanshaoil ach ní hionann iad agus Gaeilge bheo na nGaelscoileanna is Ghaeltachtaí an lae inniu.

Is dheá chuid do chultúr na hÉireann an Ghaeilg agus an béaloideas. Caithfear an dá chionn a choinneáilt. ‘S fearr leat an Ghaeilg agus is cuma leat fán bhéaloideas, ceart go leor, tá cead agad. Ach sílim féin gur chóir achan pháirt do chultúr na tíre a choinneáilt.

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 22 November 2011 03:29 AM   Ignore ]   [ # 14 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Agus ina theannta sin b’fhearr na scéaltai a bheith taifeadta fosta, siocair go silim go bhfuil siad scriofai ins an chaighdean.

Cuireann sin iontas orm; de réir mo thuiscint cnuasaíodh bailiúcháin na Scoil sular raibh aon chaighdeán ann!

Maidir leis an allagar is Jeaicín agus Lughaidh - ní gá an deighilt seo idir béaloideas agus saol an lae inniu; is féidir an dá rud a bheith ann, agus is féidir tarraingt as tobar an bhéaloidis, mar a rinneadh riamh, le dul i ngleic le saol an lae inniu. Ach an te nach bhfuil an tobar sin aige, beidh sé taobh le meamraiméis tur le dul i ngleic leis an saol agus beidh sé dall ar ghaois an chine. (Cuma cén teanga atá aige)

Profile
 
Posted: 22 November 2011 07:04 AM   Ignore ]   [ # 15 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Cuireann sin iontas orm; de réir mo thuiscint cnuasaíodh bailiúcháin na Scoil sular raibh aon chaighdeán ann!

Bhí cineál do chaighdeán ann. Amhanc ar an leabhar agus tchífidh tú. Scríobh an t-eagarthóir (Dónall Ó Baoill):

“Thig a rá i gcoitinne gus Gaeilge na háite atá san ábhar ar fad taobh amuigh de roinnt eisceachtaí”

agus ‘na dhiaidh sin tá leathanach go leith d’eisceachtaí (ie. rudaí caighdeánacha, a d’athraigh an t-eagarthóir), mar shompla:

(i) Fuarthas deirí briathra mar -’(e)amar’, ‘-eoidís/-óidis’ scríofa thall agus abhus mar gur measadh gurb é sin an caighdeán a d’fhóir ag an am. Áit ar bith a dtáinig mé ar leithéid sin d’athraigh mé iad agus is iad na foirmeacha pearsanta ‘muid’ agus ‘siad’ a gheofar ina n-áit.

agus mar sin dó...

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
   
1 of 2
1