Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Ciúnas
Posted: 14 July 2012 05:03 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  9
Joined  2012-07-04

Cén fáth go bhfuil an suíomh seo chomh ciúin anois ? Seachas na fógraí oifigiúla ón údar “admin”, is cosúil nach bhfuil aon “Comhrá Oscailte as Gaeilge” anseo le trí mhí anuas ! Nach bhfuil sé in am beatha a chur ar ais sa “Chomhrá” ?

An bhfuil aon duine den tuairim chéanna ?

Profile
 
Posted: 16 July 2012 03:43 AM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Abair rud le dealramh agus eascródh comhrá!

(Bím féin gníomhach ar Twitter & rl. Níos gasta, níos cosúla le comhrá)

Profile
 
Posted: 16 July 2012 06:18 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  233
Joined  2011-11-02

Bí Cíuin!  Tá muid inár gcodladh. shut eye


Dháiríre, tugaim faoi deara go bhfuil a lán de na Gaeilge amháin comhráite ar siúl sa “General Discussion” fóram. Dealraíonn sé gur tháinig an t-idirdhealú idir an dá chomh tábhachtach.


Cad é do bharúil?

Signature 

Seáinín Mac Conraoi
Dhá dheacracht í an Ghaeilge, is fiú í a fhoghlaim.

Profile
 
Posted: 16 July 2012 07:46 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Tá mé ag déanamh go bhfuil méadú taghta ar líon na ndaoine atá ag tosú amach ag foghlaim Gaeilge ar an bhfóram agus is iadsan an dream is gníomhaí faoi láthair. B’fhéidir gurb’in é an fáth go bhfuil tuilleadh ceisteanna á gcur agus á bhfreagairt as Béarla? Cá bhfuil na “seanleaids” seo ‘ainne a mbíodh sárGhaeilge á cleachtadh acu ar thaobh na “Gaeilge amháin”? wink (ní mar mhasla atá mé ag baint úsáid as an téarma “seanleaid”, ach mar mholadh ar an dream uilig a bhfuil an teanga go paiteanta acu, idir fhir agus mhná)

Más ábhar cainte atá uathaibh, tá mise réidh le a bheith ag clamhsán faoin aimsir - ceann de na hábhair cainte is Gealaí dar raibh ann ariamh. smile Is é an chaoi go bhfuil sé ag cur báistí le seachtain san áit ina bhfuil mé ag cur fúm (Lucsamburg) agus tá sé thar a bheith fuar don tsamhradh.

Profile
 
Posted: 16 July 2012 07:52 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Abhus in Éirinn, nuair nach bhfuil sé ag clagarnach, tá brádán ann, nó ceobhrán.

Táim bréan de na braonacha!

Profile
 
Posted: 16 July 2012 05:38 PM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  9
Joined  2012-07-04

B’fhearr liom na braonacha ná an teas atá anseo sna S.A.M. faoi láthair. Tá sé millteanach te.  Gan trácht ar na mioltógaí uafásacha ! Idir na cuileoga sa lá agus na mosquitoes san oiche, is beag nach mbeifeá ite i do bheatha anseo. Ní bhionn aimsir na hÉireann chomh dona sin, dar liom.

Profile
 
Posted: 16 July 2012 08:00 PM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  233
Joined  2011-11-02

An mbeidh daoine a fhágann an fóraim nuair a d’fhoghlaim siad go leor Gaeilge? Dealraíonn sé go mbeidh daoine atá líofa a gcuid Gaeilge a chleachtadh in áit eile.


Ach amháin i gcás na cúpla anamacha flaithiúil a fhanann chun cuidiú leis an thosaitheoirí.

Signature 

Seáinín Mac Conraoi
Dhá dheacracht í an Ghaeilge, is fiú í a fhoghlaim.

Profile
 
Posted: 17 July 2012 04:06 PM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27
Criostóir - 16 July 2012 05:38 PM

B’fhearr liom na braonacha ná an teas atá anseo sna S.A.M. faoi láthair. Tá sé millteanach te.  Gan trácht ar na mioltógaí uafásacha ! Idir na cuileoga sa lá agus na mosquitoes san oiche, is beag nach mbeifeá ite i do bheatha anseo. Ní bhionn aimsir na hÉireann chomh dona sin, dar liom.

Nach spéisiúil an scéal é sin! Bíonn sé níos éasca glacadh le drochaimsir in Éirinn, ar chúis eicínt… B’fhéidir mar gheall ar na braonacha den chineál eile atá ar fáil i dteach ósta… wink

Profile
 
Posted: 17 July 2012 05:55 PM   Ignore ]   [ # 8 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  9
Joined  2012-07-04

Is buntáiste mór é na braonacha “den chineál eile”, gan amhras.  Ach is trua go bhfuil líon na dtithe ósta laghdaithe chomh mór sin anois sna ceantair faoin tuath.  Is cuimhin liom nuair a bhí i bhfad níos mó acu ann, agus iad uilig oscailte ar fud an lae.  B’shin iad na laethanta….

Profile