Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
óráid Michael D.
Posted: 15 November 2011 01:14 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  81
Joined  2011-11-09

Bhí an-am againn inniú sa rang Gaeilge.
Fuair an múinteoir cóip de Oráid an Uachtaráin as Gaeilge, agus bhíomar go léir ag obair air- ag léamh agus ag déanamh iarracht é a thuiscint go maith.
Bhaineamar an taithneamh as a Ghaeilge líofa reatha..

eadaoin

Profile
 
Posted: 15 November 2011 06:15 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  233
Joined  2011-11-02

A Eadaoin, a chara:

Could you post a copy of his speech here?

Signature 

Seáinín Mac Conraoi
Dhá dheacracht í an Ghaeilge, is fiú í a fhoghlaim.

Profile
 
Posted: 16 November 2011 03:27 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Tá an dá leagan den óráid (idir Béarla agus Gaeilge) ar fáil ar shuíomh Áras an Uachtaráin faoin nasc “Óráid insealbhaithe”:

http://www.president.ie

Profile
 
Posted: 16 November 2011 07:56 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  233
Joined  2011-11-02

Go raibh maith agat, a Onuvanja.

Signature 

Seáinín Mac Conraoi
Dhá dheacracht í an Ghaeilge, is fiú í a fhoghlaim.

Profile
 
Posted: 16 November 2011 09:52 AM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Le bheith cruinn - an dá leagan a) an leagan dhá theangach a thug sé, agus leagan ina bhfuil an méid a dúirt sé as Béarla aistrithe!

Ana óráid atá ann.

Profile
 
Posted: 16 November 2011 12:16 PM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  81
Joined  2011-11-09

fuair mo mhúinteoir an óraid ar shuíomh Áras an Uachtaráin faoin nasc “Óráid insealbhaithe”:
... #2 thuas

http://www.president.ie

eadaoin

Profile
 
Posted: 17 November 2011 03:31 PM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  256
Joined  2011-10-26

Even though I am American, I greatly enjoyed reading this speech, and I think the message the president was trying to convey is a positive message that could be realized for every country facing the economic/social decline right now. It was nice to read something so positive when so many people and news reports are negative.

Go raibh maith agat, for sharing!

Signature 

Canann an teanga seo i d’fhuil….

Profile
 
Posted: 18 November 2011 05:58 AM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27
aonghus - 16 November 2011 09:52 AM

Le bheith cruinn - an dá leagan a) an leagan dhá theangach a thug sé, agus leagan ina bhfuil an méid a dúirt sé as Béarla aistrithe!

Tá an ceart agat. Ach meas tú, an féidir a rá gur óráid dhá-theangach atá ann i ndáiríre? Níl ach cupla focal tosaithe agus sliocht gearr eile as Gaeilge… Tá cineál aiféal orm nár bhain sé tuilleadh úsáide as an nGaeilge agus an teanga ar a thoil aige.

B’fhéidir nach dtuigfeadh an chuid is mó den phobal rudaí an-chasta as Gaeilge, ach is féidir focla éasca a roghnú leis an teachtaireacht a chur in iúl, focla a thuigfeadh beanach chuile dhuine, cosúil le “Is féidir linn” srl.

Profile
 
Posted: 18 November 2011 06:05 AM   Ignore ]   [ # 8 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

N’fheadar.

Sílim féin go raibh sé go maith go ndúirt sé rudaí tábhachtacha i nGaeilge amháin.

Tús maith. Ceist dheacair mar is nós le hiriseoirí neamhaird a dhéanamh ar an méid a deirtear as Gaeilge. Ní raibh aon chuid dá óráid as Gaeilge sna sleachta a bhí ar Nuacht a 9 RTÉ, mar shampla.

Profile
 
Posted: 19 November 2011 12:37 PM   Ignore ]   [ # 9 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Is fíor sin.

Ar aon nós, tá súil agam nach ndéanfaidh sé dearmad ar an nGaeilge i rith a théarma mar uachtarán, i measc na ndualgaisí eile a bheas air, mar is cosúil go mbeidh a dhóthain le déanamh ag an bhfear bocht… Séard atá i gceist agam ná rudaí beaga a d’fhéadfadh “ardán” a thabhairt don teanga i réimsí an tsaoil nach bhfeictear sí iontu go hiondúil, rudaí a bheadh cosúil le diospóireacht idir ceannairí na bpríomhpháirtithe ar TG4. Bheadh sé sin go hiontach.

Bhuel, feicfidh muid. Níl sé ach th’éis glacadh leis an bpost nua.

Profile
 
   
 
 
‹‹ all good things...      Saor Uladh ››