Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Micheal D.
Posted: 14 November 2011 01:33 PM   Ignore ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Is cosúil go mbeifí sásta ag an bhfóram seo gurb é Micheal D. an duine a toghadh mar Uachtarán, ós rud é gurbh’eisean an t-iarrthóir amháin a bhfuil líofacht sa nGaeilge aige. Ach céard a cheapann sibh, an raibh sé sin ina chuidiú aige nó an bhfuair sé an láimh in uachtar ar an dream eile, mar gheall ar gur iarrthóir neamhspleách a bhí ann agus go rabhadar bréan tuirseach den “Bhunaíocht” (the Establishment)?

Feictear dhomsa go bhfuil easpa diaspóireachta an taobh seo den fhóram… wink

Profile
 
Posted: 14 November 2011 05:55 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  44
Joined  2011-10-30

Creidim gur aithin pobal na tíre an dáiríreacht, an díllseacht d’Éirinn agus don Ghaeilge a bhí go smior ann agus go raibh siad siad sásta é a thoghadh dá bharr.  Nuair a bhunaigh sé TG4 mhóidigh mise go ngabhfainn mo bhuíochas leis ar bhealach éigin uair éigin.  Tá áthas orm go bhfuair mé an deis.  Is cuma linn in Éirinn faoi na páirtithe.  Ionadaíthe pobail is ea na Teachtaí Dála.  Caithfidh siad déanamh de réir a ngeallúintí dá dtoghlach nó díbreofar arís iad.  Ní haon dóithín iad vótóirí na hÉireann.

Profile
 
Posted: 15 November 2011 03:58 AM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Rogha na seacht ndíogha ab ea Micheál D. Duine lách, cinnte. Ach ábhar Uachtaráin? Ionadaí agus Siombail an Phobail trí chéile? N’fheadar.

Profile