Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Liosta Siopadóireachta as Gaeilge
Posted: 24 March 2012 12:35 PM   Ignore ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  13
Joined  2011-10-28

Is maith liom Gaeilge a bheith agam ar earraí a cheannaím go rialta óna siopaí.  Cuirim SPRAEÁIL DROMCHLA ar SURFACE SPRAY, ‘ciarsúir páipéir’ ar paper hankerchief/tissues Tá go leor na dtéamaí ar focal.ie ach mo ceist ná cad é ‘Cling Film’ nó ‘Cling Wrap’?  Tá ‘sceo’ agam cinnte.  sceo sceonna - film,brat éadrom tanaí - F4   Ach níl briathar oiriúnach agam ar ‘cling’.  Ceapaim go bhfuil gá le ‘clingeáil’ a bheith ann.  Bheadh sé seo úsáideach do lucht leanúna Startrack chomh maith. Ha Ha.  An bhfuil eolas níos fearr ag éinne faoi seo?

Profile
 
Posted: 26 March 2012 01:42 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  81
Joined  2011-11-09

cad mar gheall ar “screamh cloíte”?

deir De Bhaldraithe “the lake, etc filmed over” = “thainig cailimhineog air” .. an bhfuil sé sin oiriúnach do clingfilm?

eadaoin

Profile
 
Posted: 26 March 2012 06:51 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  13
Joined  2011-10-28

Maith agat.  Tá an dhá leagan a luaigh tú spéisiúl agus bhféidir oiriúnach.  Ach ceapaim go bhfuil an ainmfhocal ‘sceo’ an ceann níos beaichte i leith ‘film’.  Tá sé deacair ‘cling’ a chur ar cloígh.  Tá an stuif atá i gceist ainmnaithe i mBéarla de réir an feidhm agus úsáid atá aige agus ceapaim gur ceart chun ainm Gaeilge chomh praiticiúl sin a ceapadh dó.  Cad tá uaim ach briathar leis an brí céanna le ‘cling’.

Profile
 
Posted: 03 April 2012 02:42 AM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  397
Joined  2011-10-27

Seans go bhféadfá rud eicínt a chumadh ó “greamaigh”. Tá an focal “greamaitheach” ann freisin, ciallaíonn sé “grasping, adhesive, sticky”. Mar sin, céard faoi “scannán greamaitheach”?

PS. Scríobh mé an rud céanna anseo aréir, ach tá an chosúlacht ar an scéal go ndearnadh é a scriosadh… Níl a fhios ‘am cé a rinne é nó cén fáth.

Profile
 
Posted: 08 April 2012 04:24 PM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

“scannán cumhdaithe” atá ag focal.

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=clingfilm&lang=3116649

Profile