Tá fáilte romhat, a Séril! Tá mé beagnach cinnte gur meancóga atá ann.
Seo í an riail:
1) AG + AINM BRIATHARTHA (ithe, tógáil, tiomáint) + AINMFHOCAL SA nGINIDEACH
Tá mé ag ithe mo lóin / Bhí siad ag tógáil an tí / Beidh sé ag tiomáint a chairr
Eisceacht: Más ainmfhocal éiginnte atá i ann, ní gá an tuiseal ginideach a úsáid i gcónaí.
Bhí siad ag tógáil an tí (THE HOUSE), ach: Bhí siad ag tógáil teach (A HOUSE)
2) AG + mé, tú, é, í, muid, sibh, siad + AINM BRIATHARTHA
Tá X + ag + mé + bualadh—> Tá mé do mo bhualadh (ag X) - I am being beaten by X
Tá X + ag + tú + bualadh—> Tá tú do do bhualadh (ag X) - You are being beaten by X
Tá X + ag + é + bualadh—> Tá sé á bhualadh (ag X) - It (masc.) is being beaten by X
Tá X + ag + é + ithe—> Tá sé á ithe (ag X)—It (masc.) is being eaten by X—> Tá mo lón (=sé) á ithe agam
Bhuel, sin mar atá sé sa gCaighdeán. Tá roinnt difríochta i nGaeilge na Mumhan.
Tá súil agam go mbeidh sé ina chuidiú agat.