Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Tatú
Posted: 27 October 2011 01:28 PM   Ignore ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Maidir leis an fhóram úr seo, tá iontas an domhain orm nár iarr duine ar bith go fóill aistriúchán a dhéanamh fá choinne tatú...

Sin mar a bíos ar ACHAN FHÓRAM a bhaineas le teangaidh Cheilteach…  LOL

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 27 October 2011 02:43 PM   Ignore ]   [ # 1 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  35
Joined  2011-10-26

fiú amháin ar na fóraim Briotáinis?  grin

Profile
 
Posted: 27 October 2011 02:57 PM   Ignore ]   [ # 2 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Seadh!
Is teangthacha tatúnnaí na teangthacha Ceilteacha feasta… :(

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 27 October 2011 03:39 PM   Ignore ]   [ # 3 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Ḃuel, má ḃionn sciorta den áḋ linn beiḋ an craiceann agus a luaċ againn aḃus.

Profile
 
Posted: 27 October 2011 05:52 PM   Ignore ]   [ # 4 ]  
Comhalta
RankRank
Total Posts:  643
Joined  2011-10-26

Níl mé cinnte gur thuig mé sin grin

Signature 

Is fearr Gaeilg chliste ná Gaeilg bhriste
Agus is í Gaeilg Ghaoth Dobhair is binne

Profile
 
Posted: 27 October 2011 06:36 PM   Ignore ]   [ # 5 ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  35
Joined  2011-10-26
Lughaidh - 27 October 2011 05:52 PM

Níl mé cinnte gur thuig mé sin grin

Arra, tá súil agam go mbeidh Aonġus in ann “clue” a thabhairt dúinn, mar níl mé cinnte cád is mian leis

Profile
 
Posted: 27 October 2011 10:42 PM   Ignore ]   [ # 6 ]  
Comhalta
Avatar
Rank
Total Posts:  17
Joined  2011-10-27

Ar chuala sibh gur thosaigh na daoine a bhí Irish Gaelic Translator á reáchtáil acu fóram nua?

http://irishlearner.awyr.com/phpBB3/ is ea é. Bíonn ceisteanna faoi aistriúcháin agus tatúnna á phlé acu go minic.

Seans go bhfuil deis ann comhpháirtíocht idirfhóram a dhéanamh leo.

Profile
 
Posted: 28 October 2011 01:55 AM   Ignore ]   [ # 7 ]  
Comhalta
Avatar
RankRank
Total Posts:  529
Joined  2011-10-24

Tuigeann sibh is dócha gur deacair liomsa aon deis imeartais focail a scaoileadh tharam.

Seo agaibh an scéal ar a bhfuil an nath múnlaithe.

http://homepage.eircom.net/~aonghus/scealta/goban_saor.html#posadh

Bíonn tatú ar chraiceann gan amhras.

Profile