Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge,  3 - 5 Aibreán 2020
Posted: 09 March 2020 08:44 AM   Ignore ]  
Administrator
Avatar
Rank
Total Posts:  81
Joined  2009-02-14

Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge
3 - 5 Aibreán 2020

Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Nach mbíonn an-spraoi go deo againn ar LBI i gcónaí? Agus baineann muid an-áthas ar fad as an seans a bheith lenár gcairde agus ag caint ‘is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!

Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith (béilí éadroma iad sin i mbliana). is dream an-fháilteach iad ag an LBI Foundation, agus tá fonn mór orthu muide a fheiceáil arís.

Agus mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.

Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.

An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo? Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.

Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil inár Siopa anseo: http://www.daltai.com/shop/
 
B’aoibhinn linn do chuideachta!

Signature 

Tír gan teanga, tír gan anam.

Profile