Daltai na Gaeilge
Username: Password:
Remember Me? forgot password?
   
 
Ba mhaith linn níos mó greannáin a chruthú!
Posted: 15 October 2019 02:25 PM   Ignore ]  
Comhalta
Rank
Total Posts:  2
Joined  2019-10-14

Rinne mise ‘s DeddMannZedd leagan Gaeilge den ghreannán “Blacksad” agus is féidir libh é a íoslódáil anseo: Blacksad Imleabhar I


Ach nílimid inár gcainteoirí dúchais agus táimid ag lorg ar aistritheoirí is eagarthóirí eile chun ár dtogra a chabhrú.


Ba mhaith linn leagan Gaeilge a chruthú ‘s a chur le rudaí eile go leor – m.sh. greannáin eile, cláir theilifíse, cláir chartúin, ‘s tá na scripteanna scríofa againn cheana féin do chláir dhifriúla ó Rick & Morty go Futurama.


Faoi láthair níl ann ach muidne beirt ag obair, mar sin ní féidir linn ach forás mall a dhéanamh ar togra amháin ag an am céanna. Má gheobhaimid níos mó duine inár bhfoireann, beimid ábalta tograí a chríochnú níos tapa ná is féidir linn anois, ‘s tograí níos iontaí a thosú chomh maith.


Má tá súim agaibh dár gcabhrú, seol r-phost chugam ag .(JavaScript must be enabled to view this email address)
Is cuma linn ar an leibhéal Gaeilge atá agaibh, ‘s í bhur súim í atá is tábhachtai dúinn.

Profile